Teileataifeadadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas chun clár físe a aistriú ina scannán reatha. De bhrí nach bhfuil ach eatramh gairid idir frámaí leanúnacha físe, is gá ceamara scannáin le gluaiseacht an-tapa chun gach fráma scoite a ghabháil. De ghnáth ní róshásúil fótagrafaíocht dhíreach den teilifíseán daite scáthmhaisc, agus de rogha úsáidtear córas le 3 scáileán ga-chatóideach chun an 3 íomhá de na comhdhathanna — dearg, glas is gorm — a theilgean ar mhodh optúil ar an scannán sa cheamara. Nuair a bhíonn clár ardghéire i gceist, uaireanta taifeadtar an 3 dheighilt dhaite i ndiaidh a chéile ar scannán dubh is geal, agus níos déanaí déantar iad a mheascadh chun claonchló daite a tháirgeadh. I modh eile modhnaítear 3 léasar — dearg, glas is gorm — leis an bhfíschomhartha, agus measctar na léasacha le córas scáthán optúil rothlaithe chun íomhá dhaite gach fráma a scanadh go díreach ar an scannán fótagrafach claonchló, líne i ndiaidh líne, fráma i ndiaidh fráma.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileataifeadadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 651.