Jump to content

Teicnifeodachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid ar an fheodachas

Teoiric a d'fhorbair Yanis Varoufakis is ea an teicnifeodachas, a mhaíonn go mbíonn foirm nua feodachais mar thoradh ar an gcaipitleachas, áit ar féidir, mar shampla, úinéirí comhlachtaí teicneolaíochta a fheiceáil mar chineál tiarnaí feodacha nua-aimseartha. Éiríonn daoine agus gnólachtaí ina "techno-serfs" a chaithfidh brath ar na hardáin seo le haghaidh oibre agus seirbhísí, mar mhalairt ar chuid dá dtuilleamh nó dá sonraí, cosúil leis an gcaoi a raibh seirfigh mheánaoiseacha ag brath ar thiarnaí. Is é is sainairíonna don chóras seo ná cumhacht a bheith dlúthdhírithe i lámha roinnt scothaicmí teicneolaíochta, agus formhór an phobail ag brath níos mó ar a mbonneagar digiteach.Is éard atá i gceist leis an gcóras seo ná an chumhacht i lámha dream beag roinnt scothaicme ardteicneolaíochta agus agus formhór an phobail ag brath níos mó ar a mbonneagar digiteach.

Tá nádúr an teicnifeodachais i gcoinne an chórais dhaonlathaigh freisin.[1][2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Yanis Varoufakis]

Seo a leanas roinnt samplaí de theicnifeodachas:

  • Oibrí poistíneachta – Ní ionaid oibre acu, ach braitheann siad ar na hardáin le haghaidh ioncaim.
  • Díoltóirí ríomhthráchtála – Díolann go leor gnólachtaí beaga táirgí ar ardáin mhóra ar líne, ach ní mór dóibh rialacha an ardáin a leanúintagus táillí a íoc.
  • Úsáideoirí meáin shóisialta – Cruthaíonn daoine ábhar ar na meáin shóisialta, ach socraíonn na hardáin cé a fheiceann é agus cé mhéad airgid is féidir le cruthaitheoirí a dhéanamh.