Teanga tuairisciú doiciméad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun doiciméid a láimhseáil go comhsheasmhach i ríomhairí, trí chóid ar leith (lipéid). Ba é HTML (Teanga mharcála Hipirtéacs) an chéad chóras den saghas seo, agus bhain sé úsáid as lipéid chun cineálacha eiliminte sa doiciméad a chur in iúl (mar shampla, príomhcheannteideal, fo-cheannteideal, ceannscríbhinn ar fhigiúr, is mar sin de). Baineann brabhsálaí Gréasáin úsáid as na lipéid chun an doiciméad a chur os comhair an úsáideora. Is prótacal é HTTP (Prótacal Aistrithe Hipirtéacs) chun doiciméid atá stóráilte ar an ngréasán uiledhomhanda a aimsiú is a aistriú thar an Idirlíon ó ionad amháin eile go dtí an brabhsálaí. Is feabhsú ar HTML an teanga XML (Teanga mharcála Inbhreisithe) ar féidir leis níos mó eilimintí éagsúla (mar shampla, seichimh físeán) a chuimsiú sa doiciméad atá le haistriú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teanga tuairisciú doiciméad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 646.