Jump to content

Teaghlach Uí Chinnéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTeaghlach Uí Chinnéide

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpolitical family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Suíomh a chartlainne
Hyannis Port, 1931. clé-deas: Robert F. Kennedy, John F. Kennedy, Eunice Kennedy, Jean Kennedy le Joseph P. Kennedy Sr., Rose Fitzgerald Kennedy, Patricia Kennedy, Kathleen Kennedy, Joseph P. Kennedy Jr. (siar) Rosemary Kennedy.
1953: "The Kennedys" le Toni Frissell.  Pósadh Kennedy- Jacqueline Bouvier
22 Samhain 1963, Dallas, Texas

Teaghlach mór le rá i bpolaitíocht na Stát Aontaithe is ea teaghlach Uí Chinnéide.[1] Tá cáil na gCinnéideach ina ábhar spéise agus plé sna Stáit Aontaithe ón uair gur toghadh John F Kennedy an chéad uair mar fheisire comhdhála in 1946, agus mar Uachtarán na Stát Aontaithe, 1961-1963. An ré cháiliúil sin a raibh an teideal ‘Camelot’ baiste air.[2]

‘Camelot’ an teideal a tugadh do na Cinnéidigh sa Teach Bán; daoine saibhre, daoine ábalta, daoine dathúla, daoine cumhachtacha agus daoine a leag béim ar shaol a bheadh níos fearr do chuile dhuine – saol an aoibhnis ar nós an cheoldráma ‘Camelot’. Ba é an scríbhneoir Theodore White a bhaist an teideal sin ar na Cinnéidigh tar éis dó Jacqueline Kennedy an ré sin a chur i gcomórtas le ‘Camelot’ in agallamh a rinne sí leis.[3]

Sna glúnta ó feallmharaíodh é (sa bhliain 1963) tá Seanadóirí, iarrthóirí uachtaránachta, baill chomhdhála, gobharnóirí stát agus ambasadóirí go leor luaite leis an teaghlach agus iad áirithe mar rítheaghlach i measc pholaiteoirí na Stát Aontaithe.[4]

Ba mhinic a dúradh go mbeadh a uncail John F Kennedy Junior ag leanacht le hoidhreacht an teaghlaigh sa bpolaitíocht sular maraíodh é féin i dtimpiste aeir i 1999.

Theip ar Joseph P Kennedy in 2020 nuair a rinne sé iarracht dúshlán Ed Markey, seanfhondúir de chuid na nDaonlathach, atá ina sheanadóir i Massachusetts le blianta fada a thabhairt. Bhí sé éirithe as a shuíochán comhdhála féin agus dá réir ní raibh aon bhall de theaghlach Uí Chinnéide tofa in Washington don chéad uair ó lár an chéid seo caite. Cheap go leor go raibh deireadh, dá réir, leis an aisling agus le páirtíocht na gCinnéideach ag an leibhéal is airde i bpolaitíocht de chuid na Stát Aontaithe.[4]

Nuair a cheap Donald Trump Robert F Kennedy Jr mar bhall dá rialtas sa bhliain 2024, d’eisigh teaghlach Uí Chinnéide físeán inar léirigh siad díomá lena chuid tuairimí agus lena chinneadh a bheith bainteach le réimeas Trump. Is chun donachta atá an scéal ag dul ó shin agus Kennedy ag moladh polasaithe nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm le smacht a chur ar chúrsaí sláinte poiblí i Meiriceá.[4]

D'fhógair Jack Schlossberg, garmhac John F Kennedy agus mac Caroline Kennedy, in 2025 go mbeadh sé san iomaíocht sna toghcháin lár téarma 2025. Tá sé ag seasamh i gceantar a 12 i Nua-Eabhrac agus súil aige an suíochán a bhíodh ag Jerry Nadler do na Daonlathaigh a bhuachan. Tá sé ar dhuine de dháréag atá san iomaíocht sna réamhthoghcháin.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó Chlann Uí Chinnéide nó i mBéarla, The Kennedy Family
  2. Mairéad Ní Nuadháin (17 Deireadh Fómhair 2025). "An uair gur bheag nár maraíodh duine eile de na ‘Kennedys’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-16.
  3. Máirtín Ó Catháin (23 Nollaig 2015). "Litir chuig Daidí na Nollag ó Camelot…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-16.
  4. 1 2 3 4 Máirín Ní Ghadhra (16 Nollaig 2025). "Léas dóchais nua ag muintir Chinnéide i saol na polaitíochta i SAM" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-16.