Jump to content

Teacht aniar aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le teacht aniar aeráide[1] ná an cumas déileáil le tionchair diúltacha an athraithe aeráide ar bhealach a laghdaíonn an tionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus a mbaineann leas as deiseanna dearfacha, mar shampla, foirgnimh a ullmhú le haghaidh tonnta teasa níos minice trí bhíthin córais aerála níos fearr a shuiteáil.[2]

Is ionann teacht aniar aeráide agus cumas córais, bíodh córas fisiciúil, sóisialta nó éiceolaíochta é, athrú aeráide a mhaolú agus freagairt dó. Trí phleanáil éifeachtach oiriúnaithe agus forbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm (rialachas agus dearadh institiúide san áireamh), is féidir leis na tionchair dhiúltacha ar an aeráid a laghdú agus teacht i dtír i gcomhthráth ar aon torthaí dearfacha. Ceadóidh seo don chóras filleadh ar an staid a bhí bainte amach aige roimhe seo nó dul in oiriúint do staid nua a thapúla agus is féidir.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, climate resilience
  2. "Teacht Aniar Aeráide" (en-US). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2025-02-15.
  3. mayo.ie / COMHAIRLE CONTAE MHAIGH EO (2023). "PLEAN UM GHNÍOMHÚ AR SON NA hAERÁIDE, 2024-2029". Dáta rochtana: 2025.