Jump to content

Teach an Phiarsaigh

Teach an Phiarsaigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálTeachín Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn Turlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 23′ 09″ N, 9° 37′ 12″ O / 53.385818°N,9.620079°W / 53.385818; -9.620079
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir431

Teach an Phiarsaigh[1] agus Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh lonnaithe i Ros Muc, i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Is san áit seo a thóg Pádraig Mac Piarais teach samhraidh dó féin.[2]

Cheannaigh Mac Piarais an suíomh i 1905 agus tógadh ón talamh aníos an teach i 1907-09. Is cosúil gur scríobh an Piarsach an óráid cháiliúil a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa nuair a bhí sé ag caitheamh seal sa teach i Ros Muc. Tá cóip den óráid sa Teach anois agus í scríofa go soiléir i lámhscríbhneoireacht néata sholéite an Phiarsaigh féin. Agus tá sé cinnte de gurb í binn a thí féin a bhí ina intinn agus é ag scríobh ‘Eoghainín na nÉan’. Thugadh sé daltaí ón scoil ar saoire go Ros Muc agus d’fhanaidís i gcampaí beaga os comhair an tí.[3]

Tar éis cur chun báis an Phiarsaigh i 1916, d’fhan an teach ansin agus é i seilbh a mhuintire. Ach tar éis eachtra lámhaigh a tharla sa gceantar le linn Chogadh na Saoirse, tháinig na Dúchrónaigh agus las siad roinnt tithe sa gceantar. Las siad Teach an Phiarsaigh ach toisc gur ballaí cloiche a bhí ann, d’fhan an teach ina sheasamh.

Forbraíodh é i gceart mar ionad turasóireachta le linn 2019-2025. Tógadh ionad oidhreachta taobh leis agus gur forbraíodh é i gceart mar ionad turasóireachta. Is ag an Ionad a thosaíonn duine a chuairt ann anois agus caithfidh an cuairteoir siúl uaidh sin go dtí an teach.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Pearse's cottage
  2. "Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach an Phiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí | Oidhreacht Éireann" (ga). Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach an Phiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí | Oidhreacht Éireann. Dáta rochtana: 2025-07-01.
  3. 1 2 Mairéad Ní Nuadháin (27 Meitheamh 2025). "Obair dhraíochta na samhlaíochta i réim i gcónaí i dTeach an Phiarsaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-01.