Teach allais



Tá taifead ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta d’os cionn 300 teach allais[3] - nó áith allais - ar fud oileán na hÉireann.
Is fear ón bhFrainc, Chevalier de Latocnaye a rinne an chéad chur síos scríofa ar na tithe allais in Éirinn ina leabhar Promenade d’un Français dans l’Irlande (1796-97). Scríobh seisean go mbíodh daoine ag úsáid na dtithe allais le leigheas a fháil ar aicídí éagsúla, fiabhras, slaghdán teaspaigh, scoilteacha agus mar sin de. As cloch atá na tithe allais atá le feiceáil fós ar fud na hÉireann déanta, agus díon coirbéalta ar an gcuid is mó acu. Tá doras beag orthu leis an teas a choinneáil istigh agus chaithfeá a ghabháil síos ar do ghogaide le dul isteach ann.[4]
Ní fios cén chaoi ar thosaigh an nósmhaireacht in Éirinn ná cé as a tháinig sé. B'fhéidir gur tháinig siad leis na Lochlannaigh nó le misinéirí na Críostaíochta anall as an Róimh? Nó an raibh siad anseo riamh anall?[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sána nó seomra allais / seomra an allais
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ logainm.ie. "An Cloichreán / Cleighran". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ logainm.ie. "Baile Uí Dhonnagáin". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ i mBéarla, Irish sweathouse
- 1 2 Bridget Bhreathnach (14 Bealtaine 2026). "An Ghaeilge sa sána, Cúipid an Chaighdeáin Oifigiúil, foghlaimeoirí na Dála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-15.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |