Teach Pobail Mhuire (Doirí Beaga)
| Teach Pobail Mhuire | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Eaglais | |||
| Foirgníocht | 1972 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Doirí Beaga, Éire | |||
| Suíomh | Teach an tSagart, na, Derrybeg, Leitir Ceanainn, Co. Donegal, F92 Y7C6 | |||
| ||||
| Gníomhaíocht | ||||
| Deoise | Ráth Bhoth | |||
| Reiligiún | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach | |||
Tógadh Teach Pobail Mhuire[1] sna Doirí Beaga i 1972, gar go maith don seanséipéal a dúnadh cúpla bliain roimhe sin (a tógadh sa 19ú haois).

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcruth ochtagánach a cheap an t-ailtire Patrick Carr an foirgneamh i dtús na 1970idí, coincheap réabhlóideach ag an am.
Ba é Easpag Ráth Bhoth san am, an Dr. Antoin Mac Ficheallaigh a choisric an teach pobail i 1972. Bhí sé ar cheann de na tithe pobail ba mhó i gCo. Dhún na nGall.[3]
Scrios
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúradh Aifreann na Cásca sa séipéal don uair dheireanach ar an 20 Aibreán 2025. Dódh an séipéal go talamh an oíche sin.[4] Ar a ceathair a chlog ar maidin a tugadh an tine faoi deara, ach níor éirigh le hoibrithe dóiteáin an tine a cheansú in am.[5]
Tugadh le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal.
Bhí os cionn €128,000 bailithe ar an suíomh GoFundMe (ar an 15ú Bealtaine 2025) d’atógáil an tséipéil agus bhí níos mó airgid fós bailithe ó bhailiúcháin eile – an cheolchoirm mhór ar ghlac Daniel O’Donnell, Clannad, agus Altan páirt ann san áireamh. Bhí os cionn €300,000 bailithe san iomlán (Bealtaine 2025).[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Teach Pobail Naomh Muire; i mBéarla, St Mary;s Church, Derrybeg, County Donegal
- ↑ "Tuilteacha · Gort an Choirce · The Schools' Collection" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2025-04-25.
- ↑ anpáipéar.ie (Eagrán #26) / Domhnall Mac Concharraige, (2025-04-25). "Pobal Ghaoth Dobhair croíbhriste tar éis tine a scrios Séipéal Mhuire i nDoirí Beaga". Dáta rochtana: 2025-04-25.
- ↑ "‘Tá an tuama folamh ach beidh aiséirí anseo fosta’ – dóchas go n-atógfar Teach Pobail Ghaoth Dobhair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-22). Dáta rochtana: 2025-04-25.
- ↑ Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2025-04-21). "Teach pobail i nGaeltacht Dhún na nGall dóite go talamh" (as ga-IE).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (15 Bealtaine 2025). "Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-16.
