Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
| Tigh Mór Dhoire Fhíonáin | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Teach mór tuaithe agus músaem | |||
| Foirgníocht | 1844 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
| Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Is teach iomráiteach suite i gContae Chiarraí é Tigh Mór Dhoire Fhíonáin, baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill.[1]
Ag gob theas Leithinis Uíbh Ráthaigh tá Tigh Mór Dhoire Fhíonáin, baile dúchais dhuine de na pearsana is tábhachtaí i stair na hÉireann, Dónall Ó Conaill, nó‘an Fuascailteoir’. Ba é Doire Fhíonáin baile mhuintir Uí Chonaill leis na glúnta. Rugadh agus tógadh Dónall óg ansin agus d’fhill sé ar an áit nach mór gach samhradh don chuid eile dá shaol.
Tá mórán d’iarsmaí uathúla shaol Uí Chonaill ar taispeáint sa teach, carbad caithréime ina measc a bhronn saoránaigh Bhaile Átha Cliath air in 1844 agus an leaba ina bhfuair sé bás trí bliana ina dhiaidh sin.
Tá talamh na diméine anois mar chuid de Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin – tá breis agus 120 heicteár de thailte ann, saibhir in oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha le flúirse de sheoda seandálaíochta, gortóireachta, luibheolaíochta agus éiceolaíochta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin: Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill". Dáta rochtana: 2024-11-08.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
