Incigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tawantinsuyu)
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaIncigh


Cineáltír stairiúil
Teangaan Cheatsuais Chlasaiceach
Creideamhreligion in the Inca Empire (en) Aistrigh
Tréimhse1438 - 1533 (Féilire Ghréagóra) agus 1572
IlchríochMeiriceá Theas
Comhordanáidí10°S 70°W / 10°S 70°W / -10; -70
Léarscáil dáileacháin
RoimhRíocht Cuzco
Le leanúintNeo-Inca State (en) Aistrigh agus Viceroyalty of Peru (en) Aistrigh
Machu Picchu - cathair chaillte na nInceach.

Ba í Impireacht na nInceach an impireacht ba mhó i Meiriceá roimh theacht na nEorpach, agus nuair a bhí sí i mbarr a méide, bhí sí ar impireachtaí móra an domhain de réir an chaighdeáin chomhaimseartha. Bhí lárionad riaracháin, polaitiúil agus míleata na himpireachta suite i gCuzco. Thosaigh forbairt na himpireachta seo i sléibhte Pheiriú sa bhliain 1197. I rith na mblianta 1438-1533, d'éirigh leis na hIncigh cuid mhór d'iarthar Mheiriceá Theas a tharraingt isteach ina n-impireacht go cairdiúil nó go cogúil, agus í ag cumhdach cuid mhór de na tailte a bhaineann le Peiriú, Eacuadór, leis an mBolaiv, an Airgintínan tSile inniu.

Ainm na hImpireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceithre choirnéal na hImpireachta Incí:

██ Chinchaysuyo

██ Collasuyo

██ Antisuyo

██ Contisuyo

Is é an t-ainm a bhí ag na hIncigh ar a n-impireacht féin ná Tawantinsuyu, nó Tahuantinsuyu de réir litriú na Spáinnise - tawa a chiallaíonn "ceithre"; is é ntin an iarmhír a chuirtear leis an uimhir le cnuasainm a dhéanamh de ("ceathrar", "ceithre cinn"), agus is é is brí le suyu ná réigiún nó cúige. Mar sin, seasann an t-ainm don "cheithre choirnéal" den impireacht a tháinig le chéile ag an bpríomhchathair, Cuzco (nó Qosqo i dteanga na nInceach, an Cheatsuais). Ba iad na cúigí ná Antisuyu, Collasuyu, Chinchasuyu agus Contisuyu. Bhí Antisuyu suite san Oir-Thuaisceart, agus é ag críochantaíocht le réigiún na hAmasóine Thuaidh. Collasuyu (nó Qullasuyu, mar a litrítear an leagan Ceatsuaise inniu), arís, bhí sé suite san Oir-Dheisceart, agus an teanga Aymará á labhairt ansin. Cé gurbh í an Cheatsuais an teanga oifigiúil, bhí an teanga Aymará chomh láidir i gCollasuyu is nach raibh de rogha ag na hIncigh ach a húsáid a cheadú. De ghnáth, bhí siad an-diúltach do na teangacha mionlaigh, agus iad ag iarraidh an Cheatsuais a chur chun cinn i measc mhuintir na himpireachta. Ba é Chinchasuyu (nó Chinchay Suyu) ainm an chúige san Iar-Thuaisceart, agus ba é Contisuyu (nó Kunti Suyu) an tIar-Dheisceart.

Stair na hImpireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miotais na nInceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an mhiotais, chuir Apu Qun Tiqsi Wiraqucha (nó Ticci Viracocha, nó Kon-Tiki), an dia a chruthaigh an tsibhialtacht, - chuir sé a chlann, ceathrar mac agus ceathrar iníon ar shiúl ó Pacaritambo le sráidbhaile nua a bhunú. Bhí teagmháil chraicinn ag fear acu siúd, Manco Capac, le bean acu, Mama Ocllo, agus rugadh leanbh dóibh, Sinchi Roca. Ba é Sinchi Roca a thaispeáin an bealach dóibh go dtí an gleann inar chuir siad bun le príomhchathair na hImpireachta, Cuzco - ba é sin an sráidbhaile nua.

De réir miotais eile, áfach, tháinig Manco Capac agus Mama Ocllo chun saoil i Loch Titicaca, ar ordú dhia na gréine, Inti. Rinne siad a mbealach tríd na huaimheanna faoi thalamh go dtí gur bhain siad amach gleann Cuzco, áit ar bhunaigh siad an phríomhchathair.

Bunú Cuzco[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cibé faoi sin, tá an chuma ar an scéal gur treibh bheag de bhundúchasaigh ab ea na hIncigh a chuir fúthu i gCusco timpeall na dóú haoise déag, agus is dócha go raibh taoiseach cogaidh (capacqhapaq as Ceatsuais) darbh ainm Manco i gceannas orthu. Dealraíonn sé go raibh sé i gceannas ar an gcathairstát ar feadh dhá scór bliain, agus deirtear gurbh eisean a dhréachtaigh dlíthe an stáit. Phós sé a dheirfiúr féin, Mama Ocllo, agus saolaíodh mac dóibh, Sinchi Roca, arbh eisean an chéad rí Inceach a tharraing chuige an teideal a bhí ar impirí na nInceach ina dhiaidh sin - Sapa Inca, nó An tAon Inceach Amháin.

Pachacuti, "a Chuir an Talamh ag Creathnú"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor thosaigh an Impireacht ag dul i bhfairsinge ach faoi réimeas Pachacuti, nó "An Talamhchroitheadóir". Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a bhí ag rialú ríocht Cuzco, agus tháinig sé i seilbh na cumhachta sa bhliain 1438. Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais an chéad uair ina fhear óg dó. Insíonn an scéal go raibh na Chankas díreach ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na Chankas an treibh ba mhó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh san am seo mar naimhde, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus sa deireadh, fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na Chankas.

Le cuidiú óna mhac, Tupac Yupanqui, d'éirigh le Pachacuti an cathairstát a iompú ina impireacht. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí sé tar éis Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) a shealbhú do na hIncigh, chomh maith le codanna den tSile, Eacuadór, agus tuaisceart na hAirgintíne.

Bhí ciall aige do chúrsaí an riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó apo ag rialú gach cúige, agus miontaoisigh, t'oqrikoq ag rialú na gceantar agus iad dílis don apo. San am céanna, áfach, d'fhéach sé chuige nach mbeadh aon chumhacht ag an apo ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh go dtí an Impireacht, bhí timpeall ar 15 t'oqrikoq faoi gach apo, ach is dócha nach raibh siad chomh líonmhar nuair a chuir Pachakuti tús leis an gcóras.

Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a chuir bun leis na mitimaes. D'fhéadfá a rá go raibh na mitimaes cosúil leis na plandálacha Gallda in Éirinn: go bunúsach, coilínithe ab ea na mitimaes a cuireadh ina gcónaí sna ceantair fhorghafa, ionas go bhfoghlaimeodh na bundúchasaigh teanga agus nósanna na nInceach uathu.

Cé go raibh ciall ag Pachacuti do riachtanaisí an riaracháin chomh maith leis an tsaighdiúireacht, níor rith leis riamh rialacha a leagan amach le comharbas an tSapa Inca a shocrú. Bhí an Impireacht go mór thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an tSapa Inca ag teacht le chéile faoi cé acu a rachadh i gceannas ar an tír, chaithfí cogadh cathartha a chur leis an gcomharba a roghnú.

I nDiaidh Pachacuti[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sacsayhuamán, Cuzco. Chreach na Spáinnigh cuid mhór den áit seo le clocha tógála a fháil dá gcuid eaglaisí, ach tá sé le haithint i gcónaí go raibh dóigh ar leith ag lucht eisléireachta na nInceach ar an gcloch.

Shíothlaigh Pachacuti sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim an tSapa Inca ina dhiaidh. Lean Tupac Inca leis ag cur cogaidh ar na comharsana, agus chloígh sé Ríocht Chimu ar an gcósta. Shroich impireacht Tupac Inca a fhad le Colóim an lae inniu. Níor éirigh le Tupac Inca ná lena mhac, Huayna Capac, na Mapuche sa tSile a chloí, áfach. Sa Chath chois Abhainn Maule, chuaigh ascnamh na dtrúpaí Inceacha in abar, agus tháinig deireadh le fairsingiú na hImpireachta ó dheas.

Bhí Huayna Capac ina Impire ar Tawantinsuyu sna blianta 1493-1527. Chaith sé an chuid ba mhó den am ag cur cogaí sna críocha thuaidh, i bhfad ar shiúl ó Cuzco, agus é féin den tuairim nár mhiste dara príomhchathair a ghairm de Quito. Fuair sé bás le galar a mharaigh go leor de mhuintir a thíre san am, agus creidtear gurbh í an bholgach a bhí ann - aicíd a tháinig go dtí an tOileán Úr leis na hEorpaigh, agus í ag dul ar aghaidh ansin roimh na Conquistadores féin.

Fuair comharba Huayna Capac, Ninan Cuyochi, bás roimh a athair féin. Mar sin, fuair Huayna Capac riachtanach an impireacht a scoilteadh ina dhá leath idir beirt mhac eile, Huascar agus Atahualpa. D'éirigh ina chogadh cathartha eatarthu. Chuaigh Huascar i dtuilleamaí an mhíliste a d'earcaigh sé as measc na cosmhuintire timpeall Cuzco, ach ba iad ginearáil agus saighdiúirí oilte Huayna Capac timpeall ar Quito a thacaigh le hAtahualpa. Bhí an bua le hAtahualpa agus lucht a leanúna, ach má bhí féin, lagaigh an cogadh seo an Impireacht go mór mór, agus ní raibh na hIncigh ábalta cur le chéile in aghaidh na Spáinneach.

Teacht na Spáinneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na Spáinnigh go Tawantinsuyu an chéad uair timpeall na bliana 1526. Ba léir dóibh ó thús gur tír shaibhir a bhí ann agus cuid mhór óir le creachadh ansin. I ndiaidh an chéad chuairt eile sa bhliain 1529, chuaigh Francisco Pizarro, a bhí i gceannas ar na taiscéalaithe seo, - chuaigh sé i bhfianaise Rí na Spáinne le tacaíocht oifigiúil a fháil don fheachtas mhíleata a bhí sé a phleanáil leis an réigiún a shealbhú don Spáinn.

Bhí an dearg-ádh le Pizarro gur fhill sé go Tawantinsuyu díreach nuair a bhí an cogadh cathartha á chur. Dá dtiocfadh sé nuair a bhí Huayna Capac ina bheo fós, gheobhadh sé impireacht na nInceach aontaithe ina éadan. Ní raibh ach 168 fear, aon ghunna mór amháin agus seacht gcapall fichead ag Pizarro, ach mar sin féin, bhí sé ábalta na hIncigh a chloí trí úsáid chliste a bhaint as an mbeagán seo, chomh maith leis an ionramháil a rinne sé ar na faicsin éagsúla i measc na nInceach.

Chuir Pizarro an chéad chath ar na hIncigh in Oileán Puná, in aice le Guayaquil an lae inniu in Eacuadór. B'ansin a bhunaigh sé cathair Piura i Mí Iúil sa bhliain 1532. Chuir sé Hernando de Soto ag déanamh taiscéalaíochta roimhe, agus tháinig de Soto ar ais le cuireadh ó Atahualpa. Bhí trúpaí Atahualpa díreach tar éis mílísteoirí Huascar a threascairt, ach mar sin féin, ní raibh an tír socraithe síos go fóill, agus bhí Atahualpa buartha go bhféadfadh Pizarro agus lucht a leanúna cuidiú le tacadóirí Huascar.

Bhí Atahualpa ag fanacht leis na Spáinnigh i gCajamarca lena chuid saighdiúirí. Nuair a chonaic na Spáinnigh go raibh na díormaí millteanacha sin timpeall, shil siad go raibh Atahualpa tar éis iad a mhealladh isteach i ngaiste. Mar sin, chinn siad ar é a ghabháil mar ghiall, nó ní leomhfadh na hIncigh a dhath a dhéanamh orthu a fhad is a bheadh Atahualpa ina phríosúnach acu. Bhí bráthair darbh ainm Vicente Valverde ag tionlacan Pizarro leis an gcreideamh Críostaí a chraobhscaoileadh i measc na nInceach. Nuair a thaispeáin sé leabhar naofa don Inceach agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a mhíniú dó, chaith Atahualpa an leabhar uaidh, rud a bhain stangadh as Valverde. D'áitigh Valverde ar na Spáinnigh Atahualpa a chimiú mar phionós as an íde a thug sé don leabhar. D'éirigh idir na Spáinnigh agus na hIncigh, agus mharaigh na Spáinnigh na huaisle Inceacha a bhí ag iarraidh iad féin a iompú ina sciatha daonna idir an namhaid agus Atahualpa.

Chimigh na Spáinnigh Atahualpa i ndiaidh an chatha seo, agus ansin, thosaigh siad ag éileamh luach mór fuascailte air. Gheall Atahualpa go mbeadh na hIncigh sásta an seomra ina raibh sé féin á choinneáil i mbraighdeanas a líonadh le hór agus a athlíonadh le hairgead geal le saoirse a bhaint amach dósan. Comhlíonadh an gealladh, ach níor scaoil na Spáinnigh saor é. A mhalairt ar fad, chinn siad ar é a mharú, cé go ndearna siad iarracht cuma an dlí is an chirt a chur ar an mbású. Chúisigh siad é faoi fheallmharú a dhearthára, Huascar, agus faoi choireanna eile. D'admhaigh Atahualpa gurbh é an plean a bhí aige, sula ndearna na Spáinnigh príosúnach de, ná iad a mharú - a íobairt do na déithe b'fhéidir - agus a úsáid féin a bhaint as na capaill ina chuid cogaíochta. Fear cliste a bhí ann agus ciall mhaith aige do chomh háisiúil a thiocfadh na capaill isteach aige féin.

Cuireadh Atahualpa chun báis i Mí Lúnasa 1533. Ina dhiaidh sin, chuir na Spáinnigh Manco Inca Yupanquí i gceannas ar an Impireacht mar impire soip. Ar dtús, bhí sé sásta comhoibriú leis na Spáinnigh, ach ansin, d'éirigh ina chogadh cathartha idir Pisarro agus duine de lucht a leanúna, Diego de Almagro. D'fhéach Manco Inca le buntáiste a ghlacadh ar an gcogadh cathartha seo le himpireacht na nInceach a shealbhú dó féin. D'éirigh le Manco Inca Cuzco a ghabháil sa bhliain 1536, ach ní raibh sé i ndán dó an phríomhchathair a choinneáil aige féin ach tamaillín. Chuir na Spáinnigh ruaigeadh air as an áit go gairid ina dhiaidh sin arís, agus chúlaigh seisean agus lucht a leanúna go Vilcabamba, an phríomhchathair nua a bhunaigh siad i sléibhte Antisuyu.

Vilcabamba[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, creidtear go raibh Vilcabamba suite in aice le hEspíritu Pampa 130 ciliméadar siar ó Cuzco. Ar feadh i bhfad, áfach, chreidtí gurbh é an daingean i Machu Picchu an phríomhchathair cheilte seo. Ba é Hiram Bingham, an taiscéalaí Meiriceánach, a scaoil an scéal seo timpeall. Eisean ba túisce a tháinig trasna ar Machu Picchu agus ar na hiarsmaí in Espíritu Pampa araon, ach ba é an tuairim a bhí aige féin ná gurbh é Machu Picchu an áit ba thábhachtaí den bheirt. Chuir sé a thuiscint do na cúrsaí seo os comhair an tsaoil mhóir ina leabhar clasaiceach Lost Cities of the Incas. An tuiscint atá againn inniu, áfach, tá sé bunaithe ar an leabhar suimiúil úd The Conquest of the Incas le John Hemming, a tháinig i gcló sa bhliain 1970.

Bhí na hIncigh ábalta a nImpireacht a choinneáil beo i Vilcabamba ar feadh breis is tríocha bliain eile. Idir an dá linn, bhídís ag ionsaí na Spáinneach agus ag saighdeadh faoi na daoine chun ceannairce. Sa bhliain 1572, áfach, chimigh na Spáinnigh Túpac Amaru, an Sapa Inca deireanach, agus cuireadh chun báis é go gairid ina dhiaidh sin.

Cultúr na nInceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a thuigtear dúinn inniu, ní raibh teanga scríofa ag na hIncigh. Bhain siad úsáid as sreangáin shnaidhmthe a dtugtaí quipu (Spáinnis) nó khipu (Ceatsuais) orthu, ach is dócha nach scríbhneoireacht a bhí iontu ach gléas le cuimhne a choinneáil ar eolas uimhriúil cosúil le staitisticí daonra nó a leithéid. Ceird speisialtóra ab ea tuiscint a bhaint as an quipu - thugtaí quipucamayoc (Spáinnis) nó khipu kamayuq (Ceatsuais) ar a leithéid de speisialtóir. Bhí na staraithe agus na seanchaithe ag úsáid sreangáin quipu freisin nuair a bhí siad ag reic scéalta faoi na laethanta a bhí.

Bhí ailtireacht na hInceach an-fhorbartha. Ba nós leo na clocha a chur in oiriúint dá chéile go mionchruinn gan suimint ná moirtéal a úsáid - eisléireacht a thugtar ar an gcineál seo bríceadóireacht. Bhí na hIncigh ábalta úsáid a bhaint as an moirtéal chomh maith, ach ba é an dearcadh a bhí acu ná gurbh í an eisléireacht an dóigh ab fhearr le ballaí a thógáil a mbeadh teacht aniar iontu - ní rachaidís i dtuilleamaí an mhoirtéil ach amháin le struchtúir shealadacha a chur i dtoll le chéile faoi dheifir. Níorbh iad na hIncigh féin a d'fhorbair teicníocht na heisléireachta mar sin, nó b'as Tiwanaku (Tiahuanaco) i mBolaiv an lae inniu a d'iompórtáil siad na saoir chloiche leis an obair a dhéanamh. Bhláthaigh sibhialtacht Tiwanaku roimh lá na nInceach féin.

Bhí lámh mhaith ag na ceardaithe Inceacha ar an ór freisin, ach níl mórán iarsmaí fágtha dá sciliúlacht inniu. Leáigh na Conquistadores an chuid is mó de dhealbha óir na nInceach le tinní a dhéanamh díobh, ionas nach bhfuil ach cúpla ceann acu fágtha le feiceáil sna músaeim.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]