Tapio Wirkkala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tapio Wirkkala ina stiudeo timpeall na bliana 1960

Dearthóir agus dealbhóir Fionlannach ab ea Tapio Veli Ilmari Wirkkala (2 Meitheamh 191519 Bealtaine 1985), figiúr mór sa dhearthóireacht domhanda sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. I measc a shaothar tá buidéil ketchup phlaisteacha, agus éagsúlacht mhór earraí miotail, gloine, ceirmeachta, agus adhmaid. Eisean a dhear na bancnótaí markka a eisíodh san Fhionlainn sa bhliain 1955. Dhear sé earraí don ghnáthmhargadh, agus rinne sé dealbha ealaíne chomh maith.

Ar na saothair is mó clú orthu tá an buidéal a dhear sé do Finlandia vodka (1970-2000) agus an fhoireann gloiní cistine sin Ultima Thule a rinne sé le haghaidh Iittala. Tá oighreog (agus í ag leá) mar chuid den dearadh don dá rud. I gcás na ngloiní, deirtear gur thóg sé na mílte uair ar shéideoirí gloine Iittala chun teacht ar theicníc a atáirgeadh cruth agus cuma na n-oighreog.

Oighreoga i ngloine, sainmharc de chuid dhearthóireacht Wirkkala