Tamara de Lempicka
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (pl) Tamara Łempicka ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (pl) Tamara de Łempicka ![]() 16 Bealtaine 1898 Vársá, An Pholainn ![]() |
Bás | 18 Márta 1980 81 bliana d'aois Cuernavaca, Meicsiceo ![]() |
Áit adhlactha | Popocatépetl (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Académie de la Grande Chaumière ![]() |
Áit chónaithe | 7 rue Méchain, Paris (en) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | La Habana Cuernavaca Los Angeles An Iodáil Páras Nua-Eabhrac ![]() |
Gairm | péintéir, ealaíontóir ![]() |
Seánra | Portráid, ábhar neamhbheo agus nocht |
Gluaiseacht | Art Deco |
Mac/iníon léinn de chuid | Maurice Denis agus André Lhote |
Teangacha | An Pholainnis, Béarla agus an Fhraincis |
Gníomhaire | Artists Rights Society |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Raoul de Kuffner de Diószegh (en) ![]() ![]() |
Páiste | Kizette de Lempicka-Foxhall ![]() |
Siblín | Adrienne Gorska |
Suíomh gréasáin | delempicka.org ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Péintéir Polannach ab ea Tamara Łempicka (16 Meitheamh 1894 – 18 Márta 1980),[1][2][3] ar a dtugtar Tamara de Lempicka lasmuigh den Pholainn. a chaith a saol oibre sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe. Is fearr aithne uirthi mar gheall ar a portráidí snasta Art Deco d' uaisle agus lucht an rachmais, agus mar gheall ar a pictiúir an-stílithe de lomnochtáin.
Rugadh i Vársá í, agus tá taifid ag maíomh le fada gurbh í Tamara Rozalia Gurwik-Górska a hainm breithe, thángthas ar fhianaise ina dhiaidh sin gurbh Tamara Rosa Hurwitz a fíorainm.[4][5][6] Bhog sí go Cathair Pheadair ar feadh tamaill ghairid áit ar phós sí Tadeusz Łempicki, dlíodóir Polannach mór le rá, agus ansin thaistil sí go Páras. Rinne sí staidéar ar phéintéireacht le Maurice Denis agus André Lhote. Ba mheascán de chiúbachas déanach dea-chóirithe, agus den stíl neochlasaiceach a stíl féin, spreagtha go háirithe ag saothar Jean-Dominique Ingres. Bhí sí ina rannpháirtí gníomhach i saol ealaíonta agus sóisialta Pháras idir an dá chogadh.
Sa bhliain 1928, bhí sí ina leannán luí ag an mBarún Raoul Kuffner, bailitheoir saibhir ealaíne ón iar- Impireacht Ostra-Ungárach, agus fuair sí colscaradh ó Tadeusz Łempicki an bhliain chéanna sin. Nuair a fuair bean chéile Kuffner bás i 1933, phós Łempicka é sa bhliain 1934, agus ina dhiaidh sin tugadh "La Baronne à la Palette" (Gaeilge: An banbharún le scuab) uirthi sna meáin.
Tar éis thús an Dara Cogadh Domhanda i 1939, bhog sí féin agus a fear céile go dtí na Stáit Aontaithe agus phéinteáil sí portráidí de dhaoine mór le rá, chomh maith le pictiúir neamhbheo agus, sna 1960idí, roinnt pictiúr teibí. Bhí a saothar as faisean i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ach tháinig sí ar ais go déanach sna 1960idí, le hathfhionnachtain Art Deco. Bhog sí go Meicsiceo i 1974, áit ar fuair sí bás ann i 1980. De réir a thola, scaipeadh a luaithreach thar an bolcán Popocatépetl.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Vársá agus Cathair Pheadair (1894–1917)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh í ar an 16 Meitheamh 1894 i Vársá (a bhí ina cuid de Ríocht na Polainne ag an am), nó i Cathair Pheadair, cé gurb é Vársá an áit bhreithe atá glactha go forleathan. Ba é Boris (ar a dtugtaí Benno freisin) Gurwik-Górski a hathair, dlíodóir Giúdach-Rúiseach a d'oibrigh do chomhlacht trádála Francach, agus ba í Malwina Dekler a máthair, bean Giúdach-Pholannach a chaith formhór a saol thar lear agus a bhuail lena fear céile ag ceann de spánna na hEorpa.
Baisteadh a tuismitheoirí araon sa bhliain 1891 i bpobal Eaglais Leasaitheach na Polainne i Vársá. Baisteadh Tamara agus a beirt siblín Stanisław agus Adrianna, mar iompaithigh Phrotastúnacha in Eaglais Leasaitheach Mhoscó sa bhliain 1897.[7]
Tógadh Tamara i Vársá ag a máthair agus a seantuismitheoirí, Bernard agus Klementyna Dekler, a bhí ina mbaill den uasaicme shóisialta agus chultúrtha Polannach – ba chairde iad le Ignacy Jan Paderewski agus Artur Rubinstein. Tá uaigh a muintire suite i reilig Ghiúdach ar Shráid Okopowa i Vársá.[8] Nuair a bhí Tamara deich mbliana d'aois, choimisiúnaigh a máthair portráid pastel di ag ealaíontóir áitiúil clúiteach. Bhí gráin aici í féin a dheasú agus ní raibh sí sásta leis an saothar críochnaithe. Thóg sí na pastail, chuir sí a deirfiúr níos óige ag staidiúir, agus rinne sí a céad phortráid.
Sa bhliain 1911, chuir a tuismitheoirí í chuig scoil chónaithe i Lausanne san Eilvéis, ach bhí sí dubh dóite agus lig sí uirthi go raibh sí tinn le go gceadófaí di an scoil a fhágáil. Ina áit sin, thug a seanmháthair ar chamchuairt í san Iodáil, áit ar tháinig a spéis san ealaín chun cinn. Tar éis do a tuismitheoirí colscaradh a fháil sa bhliain 1912, roghnaigh sí an samhradh a chaitheamh lena haintín shaibhir Stefa i gCathair Pheadair. Ansin, sa bhliain 1915, bhuail sí le dlíodóir mór le rá Polannach, Tadeusz Łempicki (1888–1951), agus thit sí i ngrá leis. Thairg a teaghlach spré mhór dó, agus phós siad ar an 30 Nollaig 1915 in eaglais Chaitliceach Rómhánach i Tsarskoye Selo (de réir staidéir níos luaithe, pósadh iad i séipéal Ridirí Mhálta i St Petersburg sa bhliain 1916).[9]
Chuir Réabhlóid na Rúise i mí na Samhna 1917 a saol compordach ar ceal. I mí na Nollag 1917, gabhadh Tadeusz Łempicki, a creideadh gur bhall de phóilíní rúnda an an tSáir é,[10] i lár na hoíche ag an Cheka, póilíní rúnda na Sóivéide. Chuaigh Tamara ag cuardach na bpríosún ina thóir, agus le cabhair ó chonsal na Sualainne, a thairg sí a fabhar dó, d’éirigh léi é a shaoradh. Thaistil siad go Cóbanhávan ansin go Londain agus ar deireadh go Páras, áit a raibh teaghlach Tamara tar éis tearmann a fháil freisin.
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Páras (1918–1939)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bPáras, mhair siad ar feadh tamaill ag díol seodra teaghlaigh. Ní raibh Tadeusz sásta nó in ann obair oiriúnach a fháil. Rugadh a n-iníon, Maria Krystyna "Kizette", timpeall na bliana 1919,[9] rud a chuir lena riachtanais airgeadais. Chinn Lempicka dul i mbun péintéireachta ar mholadh a deirféar, agus rinne sí staidéar in Acadamh Ealaíon Naomh Peadar agus in Académie de la Grande Chaumière le Maurice Denis agus ansin le André Lhote, an duine a mbeadh an-tionchar aige ar a stíl.[11] Ba iad a céad phictiúir ná ábhair neamhbheo agus portráidí dá hiníon Kizette agus a comharsa. Dhíol sí a céad phictiúir tríd an Galerie Colette-Weil, rud a thug deis di a cuid oibre a thaispeáint ag an Salon des indépendents, an Salon d'automne, agus an Salon des moins de trente ans, do phéintéirí óga a raibh gealladh fúthú. Thaispeáin sí a cuid oibre ag an Salon d'automne den chéad uair sa bhliain 1922. Le linn na tréimhse seo, shínigh sí a pictiúir "Lempitzki"—an fhoirm fhirinscneach dá hainm.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Soru (2024-02-04). “Julie Rubio, intervista alla regista di Tamara de Lempicka” (it-IT). Metropolitan Magazine. Dáta rochtana: 2024-07-26.
- ↑ “Gioia Mori, cade l'ultimo mistero di Tamara de Lempicka - Arte - Ansa.it” (it). Agenzia ANSA (2024-01-27). Dáta rochtana: 2024-07-26.
- ↑ “Tamara's Life” (de-DE). Tamara de Lempicka. Dáta rochtana: 2024-08-03.
- ↑ Soru (2024-02-04). “Julie Rubio, intervista alla regista di Tamara de Lempicka” (it-IT). Metropolitan Magazine. Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ “Gioia Mori, cade l'ultimo mistero di Tamara de Lempicka - Arte - Ansa.it” (it). Agenzia ANSA (2024-01-27). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ “Meet Julie Rubio, President of Women in Film and Director/Producer of 'The True Story of Tamara de Lempicka & The Art of Survival'” (en-US). The Mamahood (2023-11-18). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ "Tamara Lempicka between facts and creation".
- ↑ “The tomb of the Dekler family in the database of Jewish tombstones in Poland”. Dáta rochtana: 8 August 2022.
- ↑ 9.0 9.1 Smaga (3 October 2024). “Sensacja w Lublinie. Część życiorysu słynnej artystki do kosza” (pl). www.rmf24.pl. Dáta rochtana: 2024-10-05.
- ↑ "ELENA CUÉ: RETRATO DE UNA DAMA DEL ARTE, TAMARA DE LEMPICKA" (es). ¡HOLA!.
- ↑ Ader (2019). "The Trouble with Women Artists: Reframing the History of Art": 73. Paris: Fammarion. ISBN 978-2-08-020370-0.