Jump to content

Taipéis na gCarad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneTaipéis na gCarad
Cineálbróidnéireacht agus taipéis
Dáta a bunaíodh1981
Modh déantóireachtabróidnéireacht
Déanta asolann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
BardasachtKendal, England Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhQuaker Tapestry Museum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 19′ 43″ N, 2° 44′ 35″ O / 54.32849°N,2.74297°W / 54.32849; -2.74297
Suíomh gréasáin oifigiúilquaker-tapestry.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i dTaipéis na gCarad[1] ná 77 bpainéal a léiríonn stair Chumann na gCarad ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann. In 1981, mhol buachaill 11 bhliain d’aois ag cruinniú de chuid Chumann na gCarad in iardheisceart Shasana go bhféadfaí scéal na gCarad a insint ar thaipéis.[2]

Friends' Meeting House, New Road, Kendal, áit a bhfuil Taipéis na gCarad

Bheartaigh a mhúinteoir, Anne Wynn-Wilson, bróidneoir cumasach, an tionscadal sin a chur ar bun faoina treoir féin. Bhí ceithre mhíle duine, idir fhir, mhá agus pháistí, as 15 thír ag obair ar an taipéis sin idir 1981 agus 1989.

Bróidnéireacht chriúil (crewel embroidery) atá i gceist leis an taipéis, ag baint úsáid as snáth olla a sníodh de lámh. Ceithre chineál greama aitheanta a úsáideadh ar an taipéis (greim scoilte, gasghreim, greim slabhra agus snaidhm Phéicing), agus cheap WynnWilson greim nua, ar a dtugtar greim na gCarad, ionas go bhféadfaí coinneáil le cuar na litreacha.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Quaker Tapestry
  2. 2.0 2.1 COGG / .worldwiseschools.ie. "Na Sraithe Sóisearaí: Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-10. Dáta rochtana: 2025.