Tadhg Ó Murchadha (béaloideasóir)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Feabhra 1896 Cathair Dónall, Éire ![]() |
Bás | 8 Meán Fómhair 1961 65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Rinne ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | béaloideasóir ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Béaloideasóir agus bailitheoir amhrán as Contae Chiarraí ba ea Tadhg Ó Murchadha (11 Feabhra 1896–8 Meán Fómhair 1961). [1][2] Bhí sé ag obair le Coimisiún Bhéaloideas Éireann i gCo. Chiarra, ar dhuine den chéad bheirt bhailitheoirí lánaimseartha a d’fhostaigh an Coimisiún nuabhunaithe i 1935.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh le Tadhg Ó Murchadha teastas múinteora Gaeilge a fháil i gColáiste na Rinne in 1925. Thug sin go dtí ceantar Chaisleán an Chomair ag múineadh Gaeilge é ach faoi 1927 bhí sé ar ais in Uíbh Ráthach ag múineadh agus ag timireacht don Choiste Gairmoideachais.
Ba ghnách leis saoire an tsamhraidh a chaitheamh ag bailiú béaloidis ach ó 17 Meán Fómhair 1935 bhí sé ag obair go lánaimseartha do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Sa tréimhse anuas go 1957 líon sé 60,000 leathanach de bhéaloideas Chiarraí, chomh maith le roinnt ón gClár agus ó Chorcaigh
Fear díograiseach a bhí ann. Théadh sé timpeall ar a rothar agus an ediphone thiar ar an iompróir aige agus é ag tabhairt cuairt ar sheanchaithe, scéalaithe agus amhránaithe ag bailiú amhrán, scéalta agus seanchais.
D’éag Tadhg Ó Murchadha ar 8 Meán Fómhair 1961. In 2025, rinne Éigse na Brídeoige comóradh ar an obair a rinne sé.[3][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ó MURCHADHA, Tadhg (1896–1961) | ainm.ie". An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ "Ó MURCHADHA, Tadhg (1896–1961)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-01-31.
- ↑ Bridget Bhreathnach (30 Eanáir 2025). "‘Bhí an teanga ag meath le mo linnse ach mhair na hamhráin i gcuimhne na ndaoine’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-31.
- ↑ eigsenabrideoige.com (2025). "Eigse na Brideoige" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-02-01.
![]() | Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |