Jump to content

Tadhg Ó Coinnialláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg Ó Coinnialláin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1780
An Scrín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1854
73/74 bliana d'aois
Sligeach Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAn Scrín
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire agus scríobhaí Gaeilge ab ea Tadhg Ó Coinnialláin (1780–1854).

Sa Chorcach Bheag i bparóiste Theampall Baoith, Co. Shligigh, a rugadh é, agus ba ghaol é don scoláire Owen Connellan.

Is beag eolas atá againn ar a chuid oideachais ach amháin go bhfuair sé teagasc sna clasaicí i scoil scairte i gCo. an Chláir. D'fhill sé abhaile timpeall 1800 chun scoil a oscailt i gCorcach Bheag, scoil ar éirigh léi ar dtús ach ar theip uirthi tar éis tuairim is seacht nó ocht mbliana. Cé gur tógadh é mar Chaitliceach, faoin mbliain 1807 bhí sé tagtha faoi thionchar theagasc an Urramaigh Albert Blest, Baisteac, a bhí ceaptha i gceantar Shligigh ag an London Hibernian Society. Thiontaigh sé go dtí an Protastúnachas ina dhiaidh sin agus, le cabhair ó Bhlest, fuair sé post múinteoireachta i scoil an Chumainn Ibeirnigh i gCúil Áine, Co. Shligigh. Neamhoiriúnach dá phost nua, ní raibh sé in ann a chuid ranganna a rialú, agus d'aistrigh sé go post mar eagraí don chumann, ag glacadh freagrachta as múinteoirí a oiliúint, scoileanna nua a bhunú, agus paimfléid a fhoilsiú. Mhaígh sé gur chuir sé 100,000 cóip dá phaimfléid féin i gcúrsaíocht. Ar bhunú an Irish Society sa bhliain 1818, d'oibrigh sé go fíochmhar, chun a chomhthírigh á iompú, trí mheán na Gaeilge, agus bhailigh sé airgead chuige sin agus é ag múineadh i Sasana le linn na 1820idí. Chreid sé gurbh é an bealach ab fhearr do mhuintir na hÉireann léamh an Bhéarla a fhoghlaim ná ar dtús iad a mhúineadh conas léamh i nGaeilge.

Scríbhneoir bisiúil agus scoláire inniúil Gaeilge ab ea Ó Coinnialláin, agus d'fhoilsigh sé roinnt saothar ar ábhair reiligiúnacha agus teangeolaíochta i nGaeilge. Chuir Blest i dteagmháil le Edward Bunting é agus bhuail an bheirt fhear le chéile nuair a thug Bunting cuairt ar Shligeach i Meán Fómhair 1808.

I measc fhoilseacháin Uí Choinnialláin, – aistriúcháin ar scrioptúr agus áiseanna teagaisc teanga den chuid is mó – bhí: An English–Irish dictionary intended for the use of schools (1814); Book of Moses: as a preparation for learners to read the holy scriptures (1814);; priméar Gaeilge darbh ainm Teagmhuiseach nó Primér ann a bhfuil ceithre mhíle focal clodhbhuailte déinstiolla do fhréimhbhriathraibh gaodhalacha le mbrigh a saicsbhéarla: maille le roinn dfhoirsgéaluibh Easoip a ngaoidheilge (1815); An Teoluidhe Gaóidheilge lé na bhrigh a Saicsbhearla: intended to assist the native Irish in learning English, through the medium of the Irish Language (1824); agus An Soisgeul Do réir Naomh Mata: Gníomhartha na nabscal do léightheoir (1827). D'fhoilsigh sé freisin Reidh-leighion air ghnothuibh cearba (1835), aistriúchán ar Easy lessons in money matters (1835) le Richard Whately.

Léirítear suim Uí Choinnialláin i dtraidisiún na laoithe fiannaíochta in dhá imleabhar filíochta Gaeilge: Reliques of Irish poetry (1825), ina bhfuil téacsanna Gaeilge de chuid de na dánta agus amhráin a d'fhoilsigh Charlotte Brooke (mar aistriúchán); agus An Duanaire (Fonna Seanma). Bhí ceithre dhán san áireamh in aistriúchán Uí Choinnialláin a bhí dírithe ar léitheoireacht i nGaeilge a spreagadh: ‘B'aoibhinn bheith i mBinn Éadair’, ‘Sé an t-each bán an t-aileach aoibhinn luath’, ‘Iomdha sgaith is faith sa Mhumhain’, agus ‘Inis fa réim i gcéin san iarthar tá’.

Chaith sé na blianta deiridh i dteach a nia i bparóiste na Scríne i Sligeach agus d’éag ann 27 Iúil 1854. Tá a phortráid le James Northcote i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá aiste dar teideal ‘Unruly scenes at Graveside’ ag John McTernan in Olde Sligoe (1995). Bhí iarrtha ag Tadhg go gcuirfí é in éineacht lena mhuintir i seanreilig Theampall Baoith. Chun trioblóid a sheachaint shíl a mhuintir gurbh fhearr é a chur sa reilig Phrotastúnach i Scrín, mar a raibh an tUrramach Edward Nangle, ‘aspal Acla’, ina reachtaire. Tá cuntas Nangle i gcló ag McTernan. Dúirt sé go raibh na sochraidigh ólta agus gur chuir siad an corp isteach san uaigh agus gach dícheall á dhéanamh acu chun nach léifeadh sé an tseirbhís; mhaígh sé gur chuala sé iad ag rá ‘‘Ashes to ashes, dust to dust, if God does not take him, the devil must.

Tháinig an cás os comhair na cúirte ar an 5 Deireadh Fómhair na bliana sin, nuair a tugadh fianaise in aghaidh cúigear, triúr a raibh gaol acu le Ó Coinnialláin.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Lady Morgan, Patriotic sketches (1807), 131 ff
  • Thomas Webster, A brief view of the London Hibernian Society (1826), 20–21
  • Donal O'Sullivan, ‘Thaddaeus Connellan and his books of Irish poetry’, Éigse, iii (1943), 278–305
  • Tomás Ó hAilín, ‘The Irish Society and Tadhg Ó Coinnialláin’, Studia Hib., viii (1968), 60–78
  • B. Ó Cuív, ‘Irish language and literature, 1645–1845’, NHI, iv, 376–77
  • John McTernan, Olde Sligoe: aspects of town and country over 750 years (1995), 321–5; Beathaisnéis, 1782–1881, 31–33