TEANGA
| Fotheideal | Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn |
|---|---|
| Cineál | irisleabhar léannta |
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla agus an Ghaeilge |
| Foilseachán | Éire |
| Dáta a bunaíodh | 1979 |
| Foilsitheoir | Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn |
| Tréith | |
| Príomhábhar | teangeolaíocht fheidhmeach |
| Eile | |
| Suíomh gréasáin | journal.iraal.ie |
Is iris dhátheangach phiarmheasta í TEANGA, arna foilsiú ag Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn. Ón mbliain 2016 (Eagrán 24) i leith, tá sí á foilsiú mar iris acadúil a bhfuil rochtain oscailte uirthi ar líne.[1][2]
Foilsíonn TEANGA "an chuid is fearr" de na páipéir a chuirtear i láthair ag seimineáir agus comhdhálacha an Chumainn, mar aon le léirmheasanna ar leabhair, agus tuairiscí ar thaighde, ar thionscadail agus ar imeachtaí tábhachtacha eile na teangeolaíochta feidhmí.[1] Cuirtear piarmheasúnú dall dúbailte i bhfeidhm ar an ábhar a fhoilsítear inti.[2]
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glacann TEANGA le bunpháipéir nár fhoilsíodh cheana suas le 6,000 focal ar fad, le tuairiscí ar thionscadail suas le 2,000 focal ar fad, agus léirmheasanna, i nGaeilge nó i mBéarla.[3]
Is minic a fhoilsítear eagráin dírithe ar théama faoi leith, ach soláthraítear taighde ar réimse leathain ábhair.[4] Glactar le hailt ar ábhair lena n-áirítear iad seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:[5]
- Teangeolaíocht Fheidhmeach
- Teangeolaíocht Theoiriciúil
- Oideolaíocht
- Foghlaim Ríomhchuidithe Teanga
- Teangeolaíocht Chorpais
- Ríomhtheangeolaíocht
- Teangeolaíocht Stairiúil
- Doiciméadú Teangacha
- Foclóireacht / Téarmeolaíocht
- Deilbhíocht
- Foghraíocht
- Pragmataic
- Síctheangeolaíocht
- Séimeantaic
- Comhréir
- Sochtheangeolaíocht
- Oiliúint Múinteoirí Teanga
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsithe TEANGA den chéad uair i 1979.[1] B'é Dónall P. Ó Baoill eagarthóir na hirise ó thús go dtí Eagrán 19 (Eag. 19 i gcomhar le Mary Ruane). B'é Jeffrey Kallen a chuir eagráin 20–23 in eagair.[4]
Is iad Anne Marie Devlin, Aisling O'Donnell, TJ Ó Ceallaigh agus Katie Ní Loingsigh na heagarthóirí reatha.[5]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: journal.iraal.ie
- Leabharliosta IALBÁC (easnamhach): Teanga
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "TEANGA". TEANGA.
- ↑ 2.0 2.1 "Teanga: The Journal of the Irish Association for Applied Linguistics – DOAJ" (as Béarla). doaj.org. Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ Anne Marie Devlin (10 Eanáir 2025). "LINGUIST List 36.83 Calls: English (eng); Irish (gle); Applied Linguistics: TEANGA (Jrnl)" (as Béarla). linguistlist.org. Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ 4.0 4.1 Úna Bhreathnach, Colin Flynn, ⁊ Stephen Lucek (2017-11-21). "LINGUIST List 28.4891: FYI: New Editors at Teanga" (as Béarla). The LINGUIST List. Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ 5.0 5.1 "Gairm ar Pháipéir: TEANGA 32" (an Béarla ⁊ an Ghaeilge). journal.iraal.ie (25 Samhain 2024). Dáta rochtana: 2025-09-29.