Tóras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí PolytopeTóras
Samhail 3T
Cineálsurface of revolution (en) Aistrigh, dromchla, closed manifold (en) Aistrigh, genus g surface (en) Aistrigh, compact Riemann surface (en) Aistrigh, cruth agus geometric primitive (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dual-luach Euler0 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
sféar Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MathWorldTorus Cuir in eagar ar Wikidata
De réir mar a laghdaítear an t-achar ó ais imrothlaithe, athraíonn an tóras fáinne go dtí tóras adhairce, ansin tóras fearsaide, agus ar deireadh meathann sé isteach i sféar clúdaithe dúbailte.
Tóras le cóimheas treoíochta 3 mar tháirge de chiorcal níos lú (dearg) agus níos mó (maigeanta).

Sa gheoiméadracht, is dromchla imrothlaithe é tóras , taoschnó a thugtar air sa ghnáthchaint, a ghintear trí chiorcal a imrothlú i spás tríthoiseach thart ar ais atá ar comhphlána leis an gciorcal. Mura ndéanann an ais imrothlaithe teagmháil leis an gciorcal, bíonn se i bhfoirm fáinne ag an dromchla agus tugtar tóras imrothlaithe air. Má tá an ais imrothlaithe tadhlaíoch leis an gciorcal, is tóras adhairce é. Má théann an ais imrothlaithe dhá uair tríd an gciorcal, is tóras fearsaide é an dromchla. Má théann an ais imrothlaithe trí lár an chiorcail, is tóras díchineálach é an dromchla, sféar déchlúdaithe. Mura ciorcal é an cuar imrothlach, is cruth gaolmhar é an dromchla, toróid.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]