Jump to content

Suim mhífholláin sna meáin shóisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Físeán (NBC)
piollairí fíorúla

Mheas an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 2024 go bhfuil suim mhífholláin sna meáin shóisialta (nó andúil) ag 5% na húsáideoirí timpeall an domhain. Ach léirigh 11% d'ógánaigh i 44 tír "iompar fadhbach" i leith na meán sóisialta. Ardú suntasach é sin ó 7% in 2018.[1][2][3][4]

Déagóirí is mó atá i mbaol. Meastar go mbaineann leath de dhéagóirí na Stát Aontaithe feidhm as YouTube nó Instagram go laethúil. Cuireann cailíní agus mná óga níos mó fadhbanna in iúl ná buachaillí. De réir sonraí an EDS in 2024, is é an ráta 13% do chailíní i gcomparáid le 9% do bhuachaillí.[2]

Gnáth-chomharthaí :

  • Suntasacht — an rud is tábhachtaí i saol an duine, ag cur gach gníomhaíocht eile ar gcúl.
  • Guagacht giúmair — úsáid na meán mar phríomhbhealach chun éalú ó fhadhbanna agus iompar " lá binn agus lá searbh"
  • Cúlú chugat féin — míshuaimhneas nuair nach féidir rochtain a fháil ar na hardáin.
  • Coinbhleacht — neamhaird a dhéanamh de scoil, de chúraimí oibre nó de chaidrimh sa saol mar atá
  • srl

Dar leis an Fheisire Eorpach, Billy Kelleher, tá leanaí na linne á stiúradh ag algartaim a dhéanann brabús as a n-aird agus a mothúcháin. Ba cheart scoileanna saor ó fhóin a bheith mar ghnáthnós san Eoraip, agus go gcaithfear andúil sna meáin shóisialta a aithint mar cheist sláinte phoiblí. Mhol sé infheistíocht a dhéanamh in oiliúint múinteoirí agus san oideachas digiteach.[5]

Ar an 24 Márta 2026, cinneadh i gcás i New Mexico gur chuir Meta úsáideoirí ar míthreoir maidir le sábháilteacht a chuid ardán. Chinn an giúiré sa gcás sin gur chuir Meta ar chumas daoine teacht i dtír go gnéasach ar úsáideoirí óga. Rialaigh an giúiré go gcaithfeadh Meta $375 milliún (in iomlán) i ndamáistí a íoc [6][7] Níor éirigh lena leithéid seo de chás riamh cheana. Ní raibh Meta sásta glacadh leis an gcinneadh agus bhí rún ag Meta achomharc a dhéanamh.

Ar an 25 Márta 2026, bhí damáistí in Los Angeles ceadaithe do bhean 20 bliain d’aois a chuir an dlí ar Google agus Meta. Tugadh ‘Kaley’ uirithi. Thug sí an cás ar an mbonn go raibh andúil aici sna meáin shóisialta ó bhí sí óg mar gheall ar an gcaoi a raibh siad deartha, seachas mar gheall ar an ábhar a bhí á chraobhscaoileadh orthu. Dar le Kaley gur dearadh na haipeanna éagsúla ar bhealach áirithe le daoine óga a mhealladh agus lena gcur faoi dhraíocht, mar a bheadh solas sí ann. Dúradh sa gcúirt i Los Angeles gur dearadh gnéithe ar leith de na meáin shóisialta le handúil iontu a chothú, mar shampla, an fíd is féidir a scrolláil gan teorainn agus an uathsheinm uathobríoch.

Chinn an giúiré gur chruthaigh Meta agus YouTube ardáin mheán sóisialta andúileacha d’aon turas agus go ndearna na hardáin sin dochar do sláinte intinne na mná óige.[8] Rialaigh an giúiré go gcaithfeadh Google agus Meta $6 milliún (in iomlán)[9] i ndamáistí a íoc le Kaley as andúil a bheith aici i meáin shóisialta an dá chomhlacht. Chinn an giúiré go raibh Kaley i dteideal $3 mhilliún i ndamáistí cúitimh a fháil agus $3 milliún eile i ndamáistí pionósacha mar chinn siad “gur le mailís, leatrom nó calaois” a rinneadh é mar gheall ar an tslí a n-oibríonn na comhlachtaí a gcuid ardán. Ní raibh Meta ná Google sásta glacadh leis an gcinneadh agus bhí rún acu achomharc a dhéanamh.

Chuir Kaley an dlí ar Snap agus TikTok freisin ach rinne an dá chomhlacht sin socrú léi sular cuireadh tús leis an triail.

Tá cásanna mar seo in aghaidh na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta tionscanta ag tuismitheoirí agus ag údaráis éagsúla ar fud na Stát Aontaithe.[10] D’áitigh dlíodóirí Kaley gurbh ionann taithí Kaley ar na meáin shóisialta agus ina saol as líne agus an taithí a bhí ag na céadta míle duine óg eile. D’fhéadfadh gur fasach a bheadh anseo do na céadta cás eile dá leithéid atá ag déanamh an bhealaigh trí chúirteanna na Stát Aontaithe faoi láthair.

Glactar le cinneadh na cúirte mar chás ceannródaíoch ó thaobh na meán sóisialta agus saineolaithe áirithe á chur i gcomparáid leis an ‘Tobac Mór’ agus iad ag tuar go gcuirfidh seo deireadh leis an tsaoirse ó phionóis a bhí ag fathaigh na teicneolaíochta ó tháinig siad chun cinn. Bhí an-chosúlacht idir argóintí an ghearánaí sa gcás seo agus na cinn a bhí ag na dreamanna a chuir an dlí ar na comhlachtaí móra tobac sna 1990idí, cásanna inar cuireadh an-bhéim ar an andúil a bhain leis na toitíní agus ar chomhlachtaí móra an tobac a bheith ag séanadh go raibh aon dochar á dhéanamh ag a gcuid táirgí féin.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, problematic social media usesocial media addiction
  2. 1 2 "Teens, screens and mental health" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2026-03-26.
  3. Matthew Limb (2024-09-25). "Rise in problematic social media use needs to be tackled by schools and mental health services, says WHO" (as en). BMJ 386: q2102. doi:10.1136/bmj.q2102. ISSN 1756-1833.
  4. "Problematic social media use" (as en) (2026-03-25). Wikipedia.
  5. RnaG (2025-10-16). "Nuacht an Deiscirt: 16 Deireadh Fómhair 2025" (as ga-IE).
  6. "Meta told to pay $375m for misleading users over child safety" (en-GB). www.bbc.com (2026-03-24). Dáta rochtana: 2026-03-26.
  7. Jonathan Vanian (2026-03-24). "Meta must pay $375 million for violating New Mexico law in child exploitation case, jury rules" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2026-03-26.
  8. 1 2 "Meta agus YouTube freagrach as ardáin andúileacha a dhearadh d’aon turas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-26). Dáta rochtana: 2026-03-26.
  9. Táthar ag súil go n-íocfaidh Meta 70% de na damáistí a bronnadh ar Kaley agus go n-íocfaidh Google an 30% eile.
  10. Nuacht RTÉ (2026-03-25). "Damáistí ceadaithe do bhean a chuir an dlí ar Google agus Meta" (as ga).