Stóráil teasa
Bealach chun teas a stóráil le scaoileadh amach níos déanaí. Sa téitheoir stórála baile, bíonn brící móra asúite teasa. Bíonn cornaí leictreacha fite fuaite iontu, agus nuair a lasctar na ciorcaid seo i rith na hoíche éiríonn na cornaí te is téann siad na brící. Ar maidin lasctar na ciorcaid seo as, agus radaíonn na brící a gcuid teasa go mall i rith an lae. Prionsabal stórála eile is ea ábhar a athraíonn a phas de réir mar a radaíonn an teas uaidh. Sampla is ea salann Glauber, a leánn ag 31 °C: téitear is leátar é le cornaí leictreacha i rith na hoíche, agus reonn sé de réir mar a radaíonn a theas stóráilte i rith an lae.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stóráil teasa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 629.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |