Stoirm Éowyn
| Cineál | extratropical cyclone (en) | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Éowyn | ||
| Cuid de | 2024–25 European windstorm season (en) | ||
| Tréimhse | 21 Eanáir 2025 - | ||
Bhuail Stoirm Éowyn Éire agus an Bhreatain go moch ar an 24 Eanáir 2025, "stoirm ghéar gan chuimse", an stoirm ab fhíochmhaire a bhuail Éire riamh.[1][2][3] Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 142km san uair agus séideán amháin de 184km/h go luath maidin ar an 24 Eanáir.[4] Rinneadh a lán damáiste timpeall na tíre.
Bhí Éowyn ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839,
Léirigh an stoirm seo, aon uair amháin eile, an gá atá le seasmhacht seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith le hinfheistíocht agus slándáil don bhonneagar chun a chinntiú go mbeidh gnólachtaí in ann leanúint ar aghaidh lena ngnó nuair a tharlaíonn eachtraí aimsire mar Éowyn.[5]




Ullmhúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág an doineann agus an drochaimsir an tír ar fad i réimse an stádais dheirg, an grád is airde ó thaobh na haimsire geimhriúla.[6] Bhí Met Éireann ag achainí ar dhaoine fanacht amach ó cheantair cois cósta agus aird a thabhairt ar fhainic an Gharda Cósta, ‘Fan siar, Fan ard, Fan tirim’.[7]
Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae ar an 24 Eanáir, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme.[8] Bhí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) ag moladh do thiománaithe gan taisteal ar chor bith dá mba fhéidir sin a sheachaint.[9]
Fórsa hairicín
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir figiúirí Met Éireann, níor taifeadadh gaoth chomh mór in Éirinn riamh. Bhí fórsa hairicín[10] sa ghaoth a taifeadadh i gCeann Mhása i gCo na Gaillimhe agus i gCionn Mhálanna i gCo Dhún na nGall. Fórsa 12 ar an meán de réir scála gaoithe Beaufort a bhí i gceist sa dá áit sin. 184 ciliméadar san uair a bhí faoin scailp ghaoithe ba thréine agus 142 ciliméadar san uair ar an meán a bhí faoin ngaoth ba thréine i gcaitheamh deich nóiméad.[2]
Mar leis na stáisiún aimsire eile, luas 150 ciliméadar san uair faoin ngaoth a taifeadadh i bhFionnúir i gCo Dhún na nGall , 139 ciliméadar san uair i mBaile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe agus 124 ciliméadar san uair sa Ghoirtín i gCo Thiobraid Árann.[2]
Dúirt Met Éireann gur “fíorannamh” a bhíonn spéirlingí os cionn talún in Éirinn.[11] Ach b'fhéidir go bhfuil an Aeráid na hÉireann ag athrú.
Damáistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Buaileadh 768,000 custaiméir de chuid an BSL sa Phoblacht, idir thithe cónaithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí.[12] Bhí suas le 250,000 teaghlach agus gnó sa Tuaisceart gan aon chumhacht aibhléise chomh maith an lá dár gcionn. Deirtear nach ndearna aon stoirm riamh sa tír an oiread sin damáiste don chóras. Bhí an damáiste don ghréasán, 'i bhfad níos measa ná stoirmeacha Darragh 2024 agus Ophelia i 2017'.[1]
Bhí breis is 120,000 duine gan uisce de bharr na stoirme dar le Uisce Éireann. B'iad contaetha Chiarraí, Luimnigh, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Laoise, Chill Chainnigh, Phort Láirge agus Thiobraid Árann is measa a bhí buailte. Easpa cumhachta sna hionaid cóirithe faoi ndear an fhadhb seo.[13]
Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht.[14][15] Idir €3.5m agus €4m a chosain Cruinneachán Aeir Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht le tógáil agus osclaíodh go hoifigiúil é in Iúil 2020. Tá an láthair suite idir Cnoc Mhuire agus Béal Átha Shamhnais agus is ann a bhí an Chraobh Náisiúnta Frisbee le reachtáil.[16]
Bhí fear maraithe i ndiaidh do chrann titim ar an gcarr a bhí á thiomáint aige le linn na stoirm.[17][18]
Bhí an t-ádh le lánúin i gContae Chiarraí a gcosa a thabhairt leo nuair a leag Éowyn binn a dtí go moch ar maidin ar an 24 Eanáir.[19]
Ní raibh aon seirbhís traenach isteach ná amach as stáisiúin na Gaillimhe,Chathair na Mart agus Bhéal Feirste ar feadh dhá lá. Thit crainn ar an ráille traenach ar a bhfeidhmíonn an DART san oirthear agus seirbhísí moillithe go suntasach i Mullach Íde agus Baile an Bhóthair i mBaile Átha Cliath go háirithe.[20]
Agus ainneoin na stoirme móire is díol suntais an líon eitiltí ar éirigh leo talamh na hÉireann a fhágáil as Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionainne. Bíodh sin mar a bhí, cuireadh breis is 200 eitilt ar ceal in Aerfort Bhaile Átha Cliath luath ar maidin ar an 24ú Eanáir.[9]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 27 Eanáir, bhí 204,000 custaiméir de chuid an BSL, idir thithe cónaithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí, fós gan aon chumhacht aibhléise.[12] Bhí go leor de na foirgnimh sin ar an gcósta thiar mar a bhfuil na ceantair Ghaeltachta is mó – ceantar Chois Fharraige ó na Forbacha siar go Baile na hAbhann, cuid den Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Carna, Cill Chiaráin, agus Ros Muc san áireamh. Bhí an milleán leagtha ar an rialtas as “easpa infheistíochta” in infreastruchtúr an iarthair.[21][22]
Bhí isteach is amach le ceithre scór míle foirgneamh gan soláthar uisce. Bhí os cionn 20,000 foirgneamh fós gan uisce i gcontae na Gaillimhe ar an 27 Eanáir.
Dhá lá dhéag níos déanaí ó shéid an ghaoth mhór. bhí tionchar na stoirme fós le brath i go leor ceantar ar fud na tíre. Ar an 4 Feabhra 2025, bhí thart ar 25,000 áitreabh fós gan cumhacht leictreach i gcónaí san iarthar (go hairithe), san iarthuaisceart agus i lár tíre.[23] Agus gan aibhléis a bhac, bhí 400 áitreabh fós gan soláthar uisce de bharr na stoirme. Bhí 3,000 teicneoir ar a ndícheall ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais sna háiteanna sin, teicneoirí ón Tuaisceart, ón mBreatain agus ó Mhór-roinn na hEorpa ina measc.[24]
B'iad na ceantair Ghaeltachta a bhí sa mbaol is mó. Bhí “ceachtanna le foghlaim” ag Údarás na Gaeltachta agus “ag an státchóras trí chéile” i bhfianaise na ndeacrachtaí a chruthaigh an Stoirm Éowyn agus an dá stoirm eile a threascair Conamara agus ceantair Ghaeltachta eile le linn 2024-2025, dar le Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin.[25]
Bhí pobal Chíll Iúráin (Killuran)[26] i gContae an Chláir fós gan chumacht ná fón cúig seachtaine tar éis Éowyn.[27]
Crainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagadh 50 milliún crann de bharr na stoirme. Is ar thalamh le Coillte a leagadh leath na gcrann agus is leis an earnáil phríobháideach an leath eile. Tuairim is €60 milliún luach an damáiste don tionscal forasaoiseachta a bhí luaite le Stoirm Éowyn, sin gan trácht ar an bhfiadhúlra.
Is féidir fónamh a bhaint as adhmad ó chrann atá leagtha go ceann dhá bhliain ach níl gar ann ina dhiaidh sin. Ní raibh ach 20% de na crainn bailithe le chéile ag lucht foraoiseachta i mí Eanáir 2026. Ní bheidh an obair críochnaithe go dtí lár na bliana 2027.[28]
Cúiteamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh Stoirm Éowyn, fuair an Scéim um Chúnamh Daonnúil an líon is mó iarratas i ndiaidh stoirme riamh in Éirinn. Dúirt an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuair sí breis agus 92,000 iarratas ar an scéim ó osclaíodh í ar an 23ú Eanáir. Is chun dul i ngleic leis an gcruatan díreach i ndiaidh drochaimsire atá Céim 1 den scéim dírithe agus cuirtear íocaíochtaí tacaíochta éigeandála ar fáil chun costais bhia agus costais riachtanacha eile a chlúdach.[29]
Clúdaíonn Céim 2 den scéim dochar d'earraí bána; cuisneoirí agus ábhair thithíochta eile atá riachtanach, cuir i gcás. Faoin Céim 3, tá tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí i gceist, mar shampla, cúiteamh as damáiste struchtúrach.
Ceithre mhí i ndiaidh Stoirm Éowyn, bhí daoine timpeall na tíre ag streachailt go fóill de bharr an dochair a rinne an spéirling chonfach, in ainneoin na dtacaíochtaí ón rialtas.[29]
De réir figiúirí a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil i mí an Mheithimh 2025, cláraíodh 93,007 iarratas (gach céim) i leith 75,733 duine, luach €12.8 milliún, faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil. Is as Gaillimh a tháinig an líon is mó iarratas, is é sin 30,592; Maigh Eo ina dhiaidh sin, is é sin 17,303; agus Ros Comáin ina dhiaidh sin arís, is é sin 8,702. I mí an Mheithimh bhí 22,149 iarratasóir a raibh cinneadh déanta i leith a n-éileamh ach ag fanacht fós don íocaíocht maidir leis an damáiste.[30]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-01-24). "'Stoirm ghéar gan chuimse'-BSL" (as ga-IE).
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-02-06). "Stoirm Éowyn: 184 km/u faoin scailp ghaoithe ba thréine" (as ga-IE).
- ↑ "Storm Éowyn: Record breaking winds in the Republic of Ireland" (en-GB). www.bbc.com (2025-02-06). Dáta rochtana: 2025-02-06.
- ↑ RTÉ News (2025-01-24). "As it happened: Storm Éowyn brings record gusts" (as en).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (4 Feabhra 2025). "Méadú ar fhostaíocht in 2024, ach foláireamh tugtha ag Údarás na Gaeltachta faoi ‘fharraigí arda romhainn’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "Stoirm Éowyn ag réabadh léi" (as ga-IE).
- ↑ "Spéirling chugainn i lár na hoíche, rabhadh dearg le teacht i bhfeidhm i 26 contae" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-23). Dáta rochtana: 2025-01-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "Crá croí anois agus an glantachán ag tosú" (as ga-IE).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-01-24). "RSA ag moladh do dhaoine gan taisteal" (as ga-IE).
- ↑ "Saffir-Simpson Hurricane Wind Scale". www.nhc.noaa.gov. Dáta rochtana: 2025-02-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-23). "Spéirling chugainn i lár na hoíche, rabhadh dearg le teacht i bhfeidhm i 26 contae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-26.
- 1 2 BSL. "Stay Safe Stay Clear and report damage to electricity infrastructure – Power restored to 564,000 customers" (en). ESB Corporate. Dáta rochtana: 2025-01-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "Córais uisce buailte ag an stoirm" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (25 Eanáir 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-01-26.
- ↑ John Fallon and David Raleigh (2025-01-24). "'A bad night and a bad morning': Storm Éowyn destroys Connacht GAA Air Dome" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2025-01-26.
- ↑ "Ionad barrfheabhais spóirt Chonnacht scriosta" (as ga) (2025-01-24).
- ↑ Tharla an taisme i gceantar Ráth Bhó,Contae Dhún na nGall ag 5.30 ar maidin.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "Fear maraithe i dtimpiste i gCo.Dhún na nGall" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "An t-ádh dearg le lánúin i gCiarraí" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "Fadhbanna áirithe fós le seirbhísí iarnróid" (as ga-IE).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (27 Eanáir 2025). "An baol ann go mbeidh ceantair áirithe Ghaeltachta gan aon chumhacht ar feadh breis is seachtain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-27.
- ↑ "Rabhadh tugtha do 100,000 custaiméir go bhféadfaidís a bheith gan leictreachas go ceann seachtaine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-27). Dáta rochtana: 2025-01-27.
- ↑ B'iad Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin agus Liatroim na háiteanna is measa a bhí buailte agus bhí roinnt daoine gan chumhacht freisin sa Chabhán, sa Longfort, i Sligeach, i Muineachán agus i nDún na nGall.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-04). "25,000 áitreabh gan cumhacht aibhléise i gcónaí" (as ga-IE).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (31 Eanáir 2025). "‘Ceachtanna le foghlaim’ i ndiaidh Stoirm Éowyn – ceannasaí Údarás na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ "Cill Iúráin/Killuran" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-02-28.
- ↑ Tomás O. Mainnín / Nuacht RTÉ (2025-02-28). "Pobal Chill Iúráin fós gan chumacht cúig seachtaine tar éis Éowyn" (as ga-IE).
- ↑ "'Damáiste ó Stoirm Éowyn glanta faoi lár 2027'" (as ga) (2026-01-22).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-05-09). "An líon íocaíochtaí iar-stoirme riamh íoctha tar éis Éowyn" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-03). "Éowyn: as Gaillimh, Maigh Eo an líon is mó iarratas ar chúiteamh" (as ga-IE).