Steven McDonald (póilín)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSteven McDonald

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1957
Bás10 Eanáir 2017
59 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmgarda Cuir in eagar ar Wikidata

Bleachtaire de chuid póilíní Chathair Nua-Eabhrac (NYPD) ba ea Steven McDonald (1 Márta 195710 Eanáir 2017). Lámhachadh é sa bhliain 1986, rud a chuir pairilis air.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir McDonald tréimhse isteach i gCabhlach na Stát Aontaithe mar bhall den chór ospidéil. Ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach san NYPD mar a rinne a athair agus seanathair leis roimhe.[1] Lámhaigh Shavod Jones, buachaill 15 bliana d'aois, McDonald agus é seo ag obair in Central Park. Ag cur ceisteanna ar Jones a bhí sé faoi ghoideadh rothar sa pháirc. Bhí an Bleachtaire McDonald agus comhghleacaí ar patról in Central Park mar gheall ar robáil a tuairiscíodh a bheith ar siúl ansin. Agus é ag iarraidh Jones a cheistiú, thug McDonald faoi deara go raibh rud éigin i stoca a bhí ag an mbuachaill. Nuair a rinne McDonald iarracht féachaint cad a bhí ann, lámhaigh Jones trí huaire é. Bhuail an chéad piléar é sa chloigeann os cionn súile; bhuail an darna ceann a scornach, rud a d'fhág máchail chainte ar McDonald; bhris an tríú ceann a dhromlach, a fhágáil ina cheithrephairiliteach agus ag brath ar aerálaí.[2]

Roinnt míonna ina dhiaidh seo, dúirt Steven McDonald leis an bpreas gur mhaitheamh sé don bhuachaill an lámhach. Phléigh McDonald an fáth leis sin sa réamhrá in Why Forgive?, leabhar a d'fhoilsigh a chara agus a thréadchomhairleoir Johann Christoph Arnold sa bhliain 2014.[3]

Chaith Jones 9 mbliana i bpríosún mar chúiteamh ar an gcoir. Chuir sé glaoch ar McDonald agus ghabh sé leithscéal leis, ach níor bhuail siad lena chéile riamh.[4] Ar 9 Meán Fómhair na bliana 1995, trí lá i ndiaidh a scaoilte ar paról, fuair Jones bás i dtimpiste gluaisrothair. [1]

Fuair Steven McDonald bás ar 10 Eanáir 2017 de bharr taom croí mór a bhuail é roinnt laethanta roimhe sin.

Saol pearsanta agus cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós McDonald Patricia Ann "Patti" McDonald bliain roimh an mhí-eachtra. Bhí saol gníomhach cathartha ag an mbeirt acu sna blianta ina dhiaidh sin. Bhí stádas íocónach ag Steven i measc phóilíní agus Éireannaigh Nua-Eabhrac. Bhí ról aige freisin le Foireann Hocaí na Rangers sa chathair. Toghadh bean chéile Steven McDonald mar mhéara Malverne, fo-bhaile de Chathair Nua-Eabhrac ar an An tOileán Fada, sa bhliain 2007. Bhí páiste amháin acu, Conor, a chuaigh san NYPD sa bhliain 2010.

A thuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "NYPD Photo Release — McDonald, Driscoll Shields". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meán Fómhair 15, 2017. Dáta rochtana: Eanáir 12, 2017.
  2. "Steven McDonald’s Story". Plough.com.
  3. Arnold, Johann Christoph, 2 Eanáir 2014. Why Forgive? Orbis Press
  4. "Profile of Steven McDonald". Breaking the Cycle. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2012. Dáta rochtana: 13 Eanáir 2017.