Steam
| Cineál | video game distribution platform (en) |
|---|---|
| Bunleagan | 12 Meán Fómhair 2003 |
| Leagan bogearraí | |
| Leagan roimhe seo | |
| Ceadúnas | ceadúnas dílsithe |
| Aicmiú ar Alexa | 208 |
| Saintréithe teicniúla | |
| Córas oibriucháin | Microsoft Windows, macOS, Linux, Android, iOS agus Guthán Windows |
| Ardán | Android, Windows agus córas oibriúchán cosúil le Unix |
| Formáid | íoslódáil digiteach |
| Scríofa i | C++, Java agus Objective-C |
| Foireann | |
| Cruthaitheoir/í | Valve Corporation |
| Forbróir(í) | Valve Corporation |
| Dáileoir | Siopa Microsoft, Google Play, App Store agus Valve Corporation |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | store.steampowered.com (ilteangacha) |
| Stack Exchange | Nasc |
| CA. Subreddit | Steam |
|
| |
Ardán digiteach agus margadh ar líne is ea Steam, forbartha ag Valve. Seoladh Steam den chéad uair i Meán Fómhair 2003 chun uasdátuithe a chur ar fáil go huathoibríoch do na cluichí ríomhaire a d'fhorbair Valve. Díoladh cluichí ó thríú páirtithe ar an ardán den chéad uair in 2005. Tá seirbhísí éagsúla ar fáil in Steam, ar nós freastalaithe do chluichí, seirbhísí frithchaimiléireachta, líonraithe shóisialta agus sruthaithe. I measc feidhmeanna Steam tá uasdátuithe uathoibríocha, néalstóráil agus margadh ar líne ar a dhíoltar earraí digiteacha. I measc na nithe a dhíoltar ar an ardán, tá cluichí ríomhairí, bogearraí, ceol, físeáin agus crua-earraí forbartha ag Valve, Valve Index agus Steam Deck ina measc.
Is féidir le forbróirí Steamworks, comhéadan feidhmchláir (API) a seoladh in 2008, a úsáid chun feidhmeanna Steam a ionchorprú ina dtáirgí. Forbraíodh Steam i gcomhair Windows ar dtús, agus seoladh leaganacha do macOS agus Linux in 2010 agus 2013, agus seoladh leagan móibíleach le haghaidh iOS agus Android in 2012.
Tá Steam ar an tseirbhís dáileacháin is mó ar domhan do chluichí ríomhairí, agus thart ar 75% a bhí ina sciar den mhargadh in 2013.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go luath sna 2000aí, bhí Valve ag iarraidh bealach a aimsiú chun uasdátuithe a chur amach dá gcluichí ríomhaire. An t-am sin, bhíodh ar imreoirí uasdátuithe agus paistí a íoslódáil de láimh. Chinn Valve ardán a chruthú lena bhféadfaí uasdátuithe a shuiteáil go huathoibríoch, agus chinn siad freisin bearta frithphíoráideachta agus frithchaimiléireachta a chur i bhfeidhm. Phléigh siad an smaoineamh le roinnt comhlachtaí, Microsoft agus Yahoo! ina measc, agus dhiúltaigh na páirtithe eile an t-ardán a fhorbairt.[2]
Chuir Valve tús lena ardán féin a fhorbairt in 2002 agus seoladh an leagan iomlán de Steam ar an 13 Meán Fómhair 2003.[3][4] Ba é Half-Life 2 an chéad cluiche mór le rá a cuireadh ar fáil go digiteach ar an ardán. Níor mhór d'úsáideoirí feidhmchlár Steam a shuiteáil chun an cluiche a cheannach agus a íoslódáil.
Sna blianta ina dhiaidh sin, thosaigh tríú páirtithe a gcluichí a dhíol ar Steam.
In 2011, baineadh cluichí de chuid Electronic Arts ón ardán, agus seoladh iad ar ardán nua, Origin.
Ar an dul céanna, in 2019 d'fhógair Ubisoft go raibh sé gceist aige a gcluichí a bhaint ó Steam, mar gheall ar fhadhbanna le roinnt ioncaim le Valve.[5] In 2019, chuir Microsoft a chluichí ar ardán Steam.
In 2020, chuir Electronic Arts a chluichí ar díol ar Steam arís, agus in 2022 dúirt Ubisoft go gcuirfeadh sé cluichí áirithe ar fáil ar Steam, chun a chluichí a dhéanamh níos tarraingtí do thuilleadh imreoirí.[6]
Faoi 2014, bhí luach $1.5 billiún ar dhíolacháin Valve.[7] Faoi 2018, bhí níos mó ná 90 milliún úsáideoir ag Steam in aghaidh na míosa.[8] In 2018, íoslódáladh níos mó ná 15 billiún gigibheart ar an ardán.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bloomberg (24 Deireadh Fómhair 2014). ""Valve Lines Up Console Partners in Challenge to Microsoft, Sony"". Dáta rochtana: 9 Feabhra 2026.
- ↑ James Lee Contributor (2008-04-30). "The Last of the Independents?" (en). GamesIndustry.biz. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ "GDC 2002: Valve unveils Steam" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ Sean Hollister (2023-09-12). "Steam just turned 20 years old, and Valve is celebrating" (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ Jason M. Bailey (2019-08-27). "Fortnite Maker Wants to Sell More Games, and Build a Platform to Do It" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ Sean Hollister (2022-11-21). "Ubisoft is back to releasing games on Steam, including Assassin’s Creed Valhalla" (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ Phil Savage published (2015-07-27). "Market data firm claims Valve made $730 million last year" (en). PC Gamer. Dáta rochtana: 2026-02-10.
- ↑ "Steam player count has jumped by 23 million in less than a year" (en-US). PCGamesN (2018-10-23). Dáta rochtana: 2026-02-10.