Jump to content

Standish Hayes O'Grady

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStandish Hayes O'Grady
Beathaisnéis
Breith1832
Bás16 Deireadh Fómhair 1915
82/83 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
AthairHayes O'Grady (en) Aistrigh  agus Susan Finucane (en) Aistrigh

Ársaitheoir Éireannach ba ea Anéislis Aodh Ó Grádaigh (Béarla: Standish Hayes O'Grady; 19 Bealtaine 183216 Deireadh Fómhair 1915).[1]

Luath-bheatha agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Grádaigh ag Erinagh House, Caisleán Uí Chonaill, Contae Luimnigh, mac leis an Aimiréal Hayes O'Grady, agus col ceathrar le Standish James O'Grady, duine lena meascaítear é scataí. Agus é óg, d'fhoghlaim sé an Ghaeilge ó dhaoine na tuaithe. Cuireadh oideachas air ag Rugby School agus Coláiste na Tríonóide.

Cé gur bhain Ó Grádaigh céim amach mar innealtóir sibhialta, is é is fearr atá cuimhne air ná mar scríbhneoir Silva Gadelica (dhá imleabhar, 1892), cnuasach scéalta as lámhscríbhinní Gaelacha na meánaoise. Ba chara é le hársaitheoirí Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí. Sa bhliain 1853, d'éirigh sé ina bhunaitheoir den Chumann Oisíneach, agus ceapadh é ina uachtarán sa bhliain 1855. Sa bhliain 1857, bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe áit a bhí sé ina chónaí le 30 bliain. Sa bhliain 1901, scríobh sé aiste ar Anglo-Irish Aristocracy do chuntasach dar teidil Ideals in Ireland, eagraithe ag Augusta Lady Gregory.

D'éag Ó Grádaigh i Sasana sa bhliain 1915. Ní raibh sé in ann a shaothair Catalogue of the Irish Manuscripts in the British Museum a chríochnú roimh uair a bháis, rud a rinne Robin Flower ina ionad.[2]

  • The Pursuit After Diarmuid, O'Duibhne and Grainne, the Daughter of Cormac Mac Airt, King of Ireland in the Third Century (1857)
  • The Pursuit of the Gilla Decair and his Horse
  • The Colloquy with the Ancients
  • Silva Gadelica (I.-XXXI.): A Collection of Tales in Irish with Extracts Illustrating Persons and Places; Volume 1 (1892)[3]
  • Silva Gadelica (I.-XXXI.): A Collection of Tales in Irish with Extracts Illustrating Persons and Places; Volume 2 (1892)[3]
  1. Robert Welsh (2003). "O'Grady, Standish Hayes". In The Concise Oxford Companion to Irish History. Oxford University Press
  2. British Museum. Dept. of Manuscripts., Dillon, M., Flower, R., O'Grady, S. Hayes. (192653). Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum. London: Printed for the Trustees.
  3. 1 2 O'Grady, S. Hayes. (1892). Silva gadelica (I.-XXXI.): a collection of tales in Irish with extracts illustrating persons and places. London [etc.]: Williams and Norgate.