Stamford Bridge, An Trian Thoir, Yorkshire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sráidbhaile agus paróiste ar an Abhainn Derwent, sa Trian Thoir, Yorkshire,Sasana, is ea Stamford Bridge. Tá sé  11 km soir ó Eabhrac agus 35 km siar ó Driffield. Luíonn an sráidbhaile ar an teorainn leis an ndúiche Ryedale Yorkshire Thuaidh.

Suíomh agus a stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíonn an sráidbhaile ar dhá thaobh an  átha  ársa ar an Derwent.

Bhunaigh na Rómhánaigh dún anseo timpeall ar 70 AD, agus, níos déanaí ar aghaidh, forbraíodh lonnaíocht mhór líneach shibhialta thart air a bhí dírithe ar an droichead 1.6 km ó dheas den bhaile na linne. San léarscáil bóithre I (Itinerarium Antonini Augusti) liostaítear "Derventio" a bheith 7 míle Rómhánach ó Eboracum (Eabhrac) atá inchurtha leis an t-achar ó Eabhrac. I ndáil leis na bhfionnachtana faoin mbaile Malton, glacann ársaitheoirí leis i gcónaí gur chóir go dtugtar Derventio ar Mhalton. Go dtí le gairid, ní raibh a fhios acu go raibh iarsmaí Stamford Bridge suite gan fionnachtain faoi gharraithe arúil agus fhéarach.

Go traidisiúnta, glactar leis gurb é Cath Stamford Bridge, ar 25 Meán Fómhair 1066 deireadh ré na Lochlannach sa Bhreatain. San chath, ruaig Harold Godwinson  fórsa ionraidh na Lochlannach, faoi stiúir a dheartháir Tostig Godwinson agus Rí Harald Hardråde na hIiorua - ach trí seachtaine ina dhiaidh sin, buaileadh go dona ar Harold ag Hastings, agus chuir seo ar chumas na Normannaigh concas a dhéanamh ar Shasana.

Thug na Normannaigh 'Pons Belli' ar an lonnaíocht, rud a chiallaíonn 'droichead an chatha'. 


An droichead[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh bealach trasna na habhann ann ar a laghad ó aimsir na Rómhánach. Bhí an abhainn 250m  in aghaidh srutha an droichid, mar atá faoi láthair, intrasnaithe, ach amháin ag amanna tuile, trí áth chreagach nádúrtha. Bhí droichead ag nó in aice leis an sráidbhaile sa 11ú haois mar a dtagraítear i gcuntais an chatha sa bhliain 1066, tugtha faoi deara san Coinic Angla-Shacsanach, Lámhscríbhinn 'C'. Léiríodh taighde seandálaíochta go raibh droichead trasna na habhann an Derwent 1.6 km ó dheas ó láthair an tsráidbhaile ( mar atá inniu ann) a nasc an bruach thoir agus thiar na lonnaíochta Rómhánaí Derventio.

Grianghraif[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]