Stair na hEastóine

Tháinig lonnaitheoirí go dtí críche na hEastóine ar dtús tuairim is 12,000 bliain ó shin i ndiaidh deireadh na hoighearaoise. Tá fianaise ann gur fhág daonra buan a lorg sa cheantar timpeall is an bhliain 9000 RC.[1]
Ba iad na hEastónaigh ar cheann desna sibhialtachtaí págántachta deiridh san Eoraip a ghlac mar chreideamh an Chríostaíocht, tar éis crosáidí an Tuaiscirt sa 13ú haois.[2] Idir na blianta 1227-1345, bhí an Eastóin faoi réim rí na Danmhairge, agus as sin go dtí 1559, by the na dTeotanach agus na hImpireachta Rómhánaí Naofa, mar chuid den Chónaidhm Liovónach. Idir na blianta 1559-1710, bhí an Eastóin ina ball de became part of the Ríocht na Sualainne, ach tháinig Sáracht na Rúise i réim le linn MórChogadh an Tuaiscirt (1700–1721). I rith na tréimhse seo, bhí neamhspleáchas ag leith ag an uaisleacht Gearmáinise, agus bhí An Ghearmáinis Uachtarach ina príomhtheanga riaracháin agus oideachais.

A bhuí le hEagnaíocht na hEastóine (1750–1840), tharla athbheochan náisiúnta na hEastóine i lár na 19ú haoise. I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda (1914–1918) agus an éirí amach 1917, d'fhógair an Eastóin a neamhspleáchas i mí Feabhra 1918. I gCogadh Saoirse na hEastóine (1918–1920), bhuaigh an stát nua in aghaidh ionradh na mBoilséiveach, agus le conradh síochána Tartu, d'aithin Soviet Russia neamhspleáchas na hEastóine go síoraí.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda (1939–1945), rinne an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Eastóin i mí Meitheamh 1940 agus d'ionghabh an tír go mídhleathach.[lower-alpha 1] Le linn Oibríocht Barbarossa, d'fhorghabh Gearmáin na Naitsithe an Eastóin sa bhliain 1941, ach d'fhorghabh na Sóivéidí an tír arís sa bhliain 1944. Bhain an Eastóin a neamhspleáchas arís i mí Lúnasa 1991 agus chuaigh sí isteach san Aontas Eorpach agus ECAT sa bhliain 2004.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dar le SAM,[3] leis an AE,[4] agus le Parlaimint na hEorpa.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Esselmond, Tom (26ú Lúnasa 2011). "Spirituality in Estonia - the world's 'least religious' country". BBC.
- ↑ "Country Profile – LegaCarta". Dáta rochtana: 26ú Samhain 2019.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."".
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."".
- ↑ Socor, Vladimir (25ú Bealtaine 2005). "U.S. Senate, European Parliament condemn occupation of Baltic states". The Jamestown Foundation.