Staidiam Mhic Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Stáid a' Ghearaltaigh
Fitzgerald Stadium
Stáid a' Ghearaltaigh
Sonraí
Suíomh Cill Airne, Contae Chiarraí
Osclaíodh 1930
Atógáil 2009
Dromchla Féar
Toisí páirce 144m x 82m
Dílseánach CLG Chontae Chiarraí
Cónaitheoirí
Cluichí Gaelacha Cumann Lúthchleas Gael
Acmhainn
Suíocháin 43,180
Áit seasaimh 9,000

Is staidiam spóirt atá suite i gCill Airne, Contae Chiarraí é Staidiam Mhic GearailtStáid a' Ghearaltaigh[1] mar a thugtar go háitiúil air. Is sa pháirc seo a n-imríonn foirne caide Chiarraí a gcluichí baile sraithe agus craoibhe.

Osclaíodh an staidiam go hoifigiúil ag Easpag Chiarraí an lae an Dochtúir O'Brien agus Ard-Easpag Chaiseal Mumhan J. M. Harty ar an 31 Bealtaine 1930. Ainmníodh in ómós do Risteard Mac Gearailt é, duine de laochra móra caide an chontae a bhásaigh sa bhliain chéanna.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]