Stad luas Baile an Locháin
Stad luas Baile an Locháin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Stad tram | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Is stad ar Líne Uaine chóras tramanna Luas i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, Contae Átha Cliath, Éire é Baile an Locháin. Soláthraíonn an stad rochtain ar an mbruachbhaile in aice láimhe de Chábán tSíle.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh an stad in 2010 mar stad ar shíneadh an Líne Uaine ó dheas ó Áth an Ghainimh go Gleann Bhríde.[2] Bhí sé i gceist freastal ar bhruachbhaile nua a bhí á forbairt le linn an Tíogair Cheiltigh. Mar gheall ar easpa forbartha sa chomharsanacht ina dhiaidh sin ba é Baile an Lacháin an stad is lú úsáid ar an Líonra Luas. Ó 2022, tá an talamh thart ar an stad á fhorbairt arís agus tá bóithre nua tógtha gar don stad.
Suíomh agus rochtain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Baile an Lacháin gar do cuid theas de Chábán tSíle agus iarthuaisceart Choill na Silíní. Tá páirceanna féir agus crann timpeallaithe ar an stad. Is é an bóthar is gaire ná Bóthar Bhaile na Leamhan atá nóiméad siúil ón stad agus in aice leis an suíomh mar a raibh Tully Crossing ar líne iarnróid Shráid Fhearchair. Tá bóthar na Paráid Mhór á leathnú faoi láthair feadh an Luas in aice leis an stad.
Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stopann tramanna ag an stad ag teacht ón dhá treo gach 10-18 nóiméad.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Laughanstown”. Luas.
- ↑ “New Luas extension opens”. Irish Times.