Stáisiún cumhachta Ghob na Muine
| Stáisiún cumhachta Ghob na Muine | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Coal-fired power station (en) | |||
| Croineolaíocht | ||||
| 1979 – 1987 | foirgníocht | |||
| Tréith | ||||
| Achar dromchla | stáisiún cumhachta: 170 ha | |||
| Tuirbín gaile | ||||
| Suíomh geografach | ||||
| Suíomh | Contae an Chláir | |||
| ||||
| Codanna | simléar | |||
| Gníomhaíocht | ||||
| Am oibriúcháin | Meán Fómhair 1985 – | |||
| Úinéir | Bord Soláthair an Leictreachais | |||
| Foinse fuinnimh | gual agus ola | |||
| Cumhacht rátáilte | 915 MW | |||
| Foster Wheeler | (x 305 MW) (Am oibriúcháin:Meán Fómhair 1985-) | |||
| Foster Wheeler | (x 305 MW) (Am oibriúcháin:1986-) | |||
| Foster Wheeler | (x 305 MW) (Am oibriúcháin:1987-) | |||
| ID GeoNames | 7284459 | |||
Stáisiún cumhachta is ea Ghob na Muine.[1] Tá an stáisiún ag feidhmiú le breis is 40 bliain,; stop sé de bheith ag oibriú le gual i mí an Mheithimh 2025.[2]
Tá an stáisiún fós ar fáil más rud é go bhfuil cumhacht práinneach de dhíth ach tá sé ag oibriú le hola; is réiteach gearrthéarmach é seo amháin, agus stopfaidh an stáisiún go hiomlán in 2029. Tá seo ag tarlú tar éis fógra ón mBord Soláthar Leictreachais in 2017 go mbeidh siad ag aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh in-athnuaithe. In 2021 d’fhógair siad scéim dar teideal An tAtlantach Glas, infheistíocht 50 milliúin don suíomh i nGob na Muine chun é a athrú ó stáisiún cumhachta atá ag déanamh dochar don timpeallacht go mol fuinnimh in-athnuaithe. Níor fógraíodh fós an mbeidh fuinneamh gaoithe nó fuinneamh taoide i gceist áfach.
Ag pointe amháin sna 1980í bhí Gob na Muine ag cur ar fáil an ceathrú cuid de chumhacht leictreachais iomlán na hÉireann. Mar gheall ar an ngéarchéim ola ag deireadh na 1970í rinneadh cinneadh gual a úsáid ag an suíomh chomh maith. Le blianta beaga anuas tá laghdú tagtha ar thábhacht an tsuímh agus tá tábhacht na timpeallachta i mbéal an phobail agus ar cheann de mhórcheisteanna na linne seo. Is de bharr na gcúiseanna seo go ndearnadh cinneadh an suíomh a athfhorbairt i dtreo fuinneamh in-athnuaithe.
Mar gheall ar dhúnadh stáisiún cumhachta Ghob na Muine i gContae an Chláir is é stát 26 chontae na hÉireann an cúigiú stát déag san Eoraip saor ó ghual (tá stáisiúin chumhachta ghuail i dTuaisceart Éireann fós).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Moneypoint power station
- 1 2 Domhnall Mac Concharraige (2025-06-27). An Páipéar: "Stáisiúin Cumhachta Ghob na Muine Dúnta" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-06-27.
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
