Sreabhchairt
Appearance
Léiriú mínithe ar ord eachtraí. I gcúrsaí ríomhaireachta cuireann sreabhchairt sonraí síos ar oibríochtaí ginearálta an chóras iomlán próiseála sonraí — mar shampla, córas cuntasaíochta — gan dul isteach i mionphointí na gcláir ríomhaire. Cuireann sreabhchairt cláir síos ar ord na n-oibríochtaí loighciúla sa chlár sin. Baintear feidhm as siombailí aitheanta chun cur síos ar na hoibríochtaí éagsúla ar leith.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sreabhchairt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 622.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |