Splancfhicsean

Is ionann splancfhicsean agus stíl litríochta atá fíor-ghonta, nó "fíor-ghearrscéalaíocht", "ina gcuirtear splancíomhánna nó fínéid ar ár súile dúinne".[1][2][3] Táthar ann a rianaíonn a chuid fréamhacha i bhfad siar, fiú amháin chomh fada le fabhalscéalta Aesóip agus níos faide fós,[1] ach tá borradh mór tar éis teacht faoi sa 21ú haois.[4][5] Luaitear céad-úsáid an fhocail i nGaeilge le Gabriel Rosenstock.[6]
Ó tharla go bhfuil an nós níos sine na an t-ainm, breathnaítear ar an bhfocal scaití amhail "béarlagair na haoise seo",[7] agus síleann tráchtairí eile go ndéanann sé a bheag den dua a chaitheann scríbhneoirí lena gcuid scéalta.[8]
Gnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Giorracht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níltear ar aon fhocal faoi fhad na splancscéalta.[1] Ní áirítear saothair atá níos faide ná 1000 focal mar splancfhicsin go hiondúil agus luaitear 400 nó 300 focal freisin.[2][9][10][1] De thoradh ar shrianta a bhíonn i gceist le meáin shóisialta áirithe, tá scéalta faoi bhun 280 litir féin i measc na gcineálacha éagsúla splancfhicsin a scríobhtar.[2] Coinneáil laistigh de 500 focal is ea a éilíonn an iris dátheangach splancfhicsin Splonk agus tá rannóg faoi leith inti do mhicrifhicsean atá faoi bhun 100 focal ar fad.[11]
Aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baintear suáilce as gontacht an splancfhicsin de thairbhe go ligeann sé don léitheoir glac scéalta a chur díobh in achar gearr. Déantar comparáid idir iad agus meáin shóisialta áirithe, agus ós rud é go maítear go bhfuil inniúlacht dhaoine a n-aird a dhíriú ar rudaí ag dul i laghad, tuairimítear go mbainfidh daoine atá gafa leis na meáin chéanna taitneamh as na scéalta a bhfuil "líon beag focal iontu ach atá toirtiúil ó thaobh ábhair agus mothúcháin de."[3][12] Bíonn éagsúlacht mhór le braith orthu.[13]
Gaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Ar díol: bróga linbh. Níor caitheadh riamh iad." |
—Splancscéal cáiliúil (aist. IMRAM)[1] |
Fearacht na meáin shóisialta, déantar comparáid idir an splancfhicsean agus an fhilíocht, agus an ealaín bhéil trí chéile.[13] Bíonn splancscéalta i imeasc na bpíosaí a chloistear ag an oíche focal labhartha REIC.[14][15] Caitear le liricí amhrán áirithe mar splancfhicsean scaití freisin.[4] Ar an taobh eile, is féidir sraith splancscéalta faoi na carachtair chéanna a nascadh le chéile ina nóibhille.[16]
Sa Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh an fhéile IMRAM i bpáirt leis an iris liteartha Comhar chun mórléamh splancfhicsin i nGaeilge a chur ar siúl sa bhliain 2011. Coimisiúnaíodh scéalta úra ó raidhse scríbhneoirí aitheanta,[nóta 1] scéalta a bhí le cloisteáil beo agus a fhoilsíodh in eagrán speisialta den iris.[1][6] Níorbh é sin an uair deireanach a cuireadh mórléamh splancfhicsin ar siúl ag an bhféile sin.[13] Is minic freisin a luaitear an splancfhicsean mar théama sna ceardlanna scríbhneoireachta a chuireann Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc i láthair mar chuid den fhéile.[17][18][19][20][21]
"Chonaiceamar siopaí leabhar á ndúnadh. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Irisí agus nuachtáin ag fáil bháis. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Splancfhicsean ag éirí níos gonta bliain i ndiaidh bliana. Tiocfaimid as. Sa deireadh ní raibh fágtha den splancfhicsean féin ach abairt. Abairt amháin. Tiocfaimid as. Ansin frása. Tiocfaimid. Ansin an focal aonair. Ansin …" |
—Sliocht as gearrscéal le Gabriel Rosenstock[22] |
Reáchtáil IMRAM comórtas splancfhicsin sa bhliain 2015, i bpáirt le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus leis an iris Books Ireland. Foilsíodh scéalta na mbuaiteoirí san iris sin an bhliain dár gcionn.[nóta 2][23][9] Sa bhliain chéanna foilsíodh leabhar de chuid dhuine de na scríbhneoirí céanna, Máire Dinny Wren. Leabhar gearrscéalta is ea Go mbeinnse choíche saor gur féidir go leor acu a áireamh mar splancfhicsean.[24][25] Rinne Áras Scríbhneoirí na hÉireann "an chéad chomórtas splancfhicsin dátheangach a fhógairt do dhaoine óga (idir 16 – 29)" sa bhliain 2018, ar an téama 'Imbolc'.[26][nóta 3][10]
Bunaíodh an ríomhiris liteartha Splonk sa bhliain 2019 le díriú go sonrach ar splancfhicsean i mBéarla agus i nGaeilge a fhoilsiú.[27] Is sa bhliain dár gcionn ar thosaigh an iris Channel ag foilsiú beagán ábhair i nGaeilge tar éis dóibh comórtas splancfhicsin a reáchtáil i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus le Garraithe Náisiúnta na Lus.[28]
Ar sheoladh Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain sa bhliain 2021, rinneadh suntas den chaoi go bhfuil cuid mhaith samplaí úsáide ann "ar geall iad le mionscéalta eachtraíochta, scéilíní astu féin a mblaistear iontu dúil agus cumas dosháraithe Uí Chadhain i mbun pinn."[29][30] Foilsíodh rogha díobh mar leabhar sa bhliain 2025 faoin teideal Dúchan.[31] Tuairimítear gur féidir cuid den ábhar múinteoireachta a chuir an Cadhnach i dtoll a chéile, agus a fhoilsíodh go trítheangach, a áireamh mar splancfhicsean freisin.[32]
Foilsíodh Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh sa bhliain 2024, leabhar splancfhicsin a phléann "réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas." Ghnóthaigh sé an duais mar Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024 ag Gradaim na Leabhar Éireannach.[33][3][5] Sa bhliain 2025 foilsíodh Agus Anois – Beagáinín Ciúnais le Mike Mac Domhnaill, cnuasach corrscríbhinní, stíl a bhfuil "gaol áirithe aici leis an ngearrscéal, leis an splancscéal agus le sruth comhfheasachta idirthéacsúil."[34] Thuairimigh Máirín Nic Eoin gur foirm í an splancfhicsean "a fheileann go maith do scríbhneoirí na Gaeilge."[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh na hirise splancfhicsin Splonk
- Splancfhicsean i gComhar
- Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 IMRAM (2011). "I mBeagán Focal ... IMRAM Newsflash" (as ga ⁊ en). Non, je ne regrette rien: Tionscadal Piaf-Brel: lch 16.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Splanctha i ndiaidh na scríbhneoireachta?". NÓS (2018-02-08). Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Emma Ní Chearúil (2024-12-20). "Ní chuirtear focal amú i sárchnuasach splancfhicsin Ghearóidín Nic Cárthaigh". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 4.0 4.1 Alex Hijmans (2018-03-10). "Sinéad O’Connor, údar splancfhicsin". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Máirín Nic Eoin (2025-03-28). "Cuid de na leabhair Ghaeilge ba chóir a bheith áirithe in aon liosta de 100 scothleabhar". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 6.0 6.1 "Splanceagarfhocal" (Deireadh Fómhair 2011). Comhar 71 (10). JSTOR https://www.jstor.org/stable/41497935.
- ↑ Pól Ó Muirí (2024-04-25). "Teanga Eorpach shláintiúil chumasach í an Ghaeilge agus an Titlíoch i mbun pinn". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Mei Chin (23/12/2023). "Irish literary magazines: from the visually stunning to the unapologetically plain" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 9.0 9.1 Robert McMillen (2016-01-14). "An t-eagrán is déanaí de Books Ireland ag cur thar maoil le Gaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 10.0 10.1 "Imbolc Flash Fiction Showcase" (en ⁊ ga). Áras Scríbhneoirí na hÉireann (2018-06-14). Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Nuala O'Connor (2019-02-26). "Splonk: A New Irish Flash E-zine" (en). Writing.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Ellen Finnerty (2020-02-12). "With Splonk, Smart Literature for a Smart(phone) Generation" (en). University Times. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ 13.0 13.1 13.2 Aonghus Ó hAlmhain (2015-11-15). "Adhradh déanta ar an éagsúlacht ag IMRAM". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Caitríona Ní Chadhain (2016-11-10). "5 + 1 Imeacht Ghaelacha". NÓS. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin (2017-02-02). "5 Imeacht Ghaelacha". NÓS. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Gearóidín Nic Cárthaigh (Nollaig 2024). "Leabhair na bliana | Ón Iodáilis go Gaeilge bhinn Uladh". Comhar 84 (12).
- ↑ IMRAM (2015). "Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal agus an Splancscéal" (as ga ⁊ en). Cleasaí Éin: Tionscadal an Phréacháin: lch 3.
- ↑ IMRAM (2016). "Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, an tÚrscéal agus an Splancscéal" (as ga ⁊ en). Réaltneach: Tionscadal David Bowie: lch 19.
- ↑ IMRAM (2017). "Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, an tÚrscéal agus an Splancscéal" (as ga ⁊ en). Tír Tairngire: Tionscadal Springsteen: lch 18.
- ↑ IMRAM (2018). "Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, an tÚrscéal agus an Splancscéal" (as ga ⁊ en). Buail na Cloig: Tionscadal Gaspal Bob Dylan: lch 21.
- ↑ IMRAM (2019). "Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, an tÚrscéal agus an Splancscéal" (as ga ⁊ en). Fear an hAbhann: Tionscadal Nick Drake: lch 20.
- ↑ Gabriel Rosenstock (Meitheamh 2012). "Éanlaith an Aeir a Bhraithim Uaim". Beo! (134).
- ↑ "Flash Fiction" (as Béarla ⁊ Gaeilge) (2016). Books Ireland (365): 24–29. ISSN 0376-6039. JSTOR https://www.jstor.org/stable/booksireland.365.24.
- ↑ Eoin P. Ó Murchú (2016-06-12). "Sraith ghearrscéalta saibhre". NÓS. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Réaltán Ní Leannáin (2016). "Na Leabhair a Thug Sásamh Dúinn i mBliana…". Comhar 76 (12): 22–31. ISSN 0010-2369. JSTOR https://www.jstor.org/stable/24885156.
- ↑ "Imbolc Flash Fiction Competition | Comórtas Splancfhicsean Imbolc" (en ⁊ ga). Áras Scríbhneoirí na hÉireann (2018-03-30). Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Nuala O'Connor (2021-07-27). "Splonk, the sparky bi-lingual journal for flash fiction - Books Ireland" (en). Books Ireland. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ "Ábhar i nGaeilge á lorg ag iris liteartha i mBaile Átha Cliath". NÓS (2023-06-01). Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ "Foclóir Mháirtín Uí Chadhain foilsithe ag an Acadamh Ríoga" (2021-06-18). RTÉ.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Charlie Dillon (2021-06-18). "Blaiseadh d’Foclóir Mháirtín Uí Chadhain roimh a sheoladh inniu". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ "Taisce luachmhar foclóireachta Uí Chadhain". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Alan Titley (2022-05-03). "Tá seoda cainte agus teagaisc sa leabhar seo…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2024-11-27). "Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards buaite ag Gearóidín Nic Cárthaigh". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
- ↑ Eoin P. Ó Murchú (2025-01-14). "Talamh úr á treabhadh ag corrscríbhneoir greannmhar". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-06.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Biddy Jenkinson, Anna Heussaff, Mícheál Ó Conghaile, Alan Titley, Caitríona Ní Chléirchín, Simon Ó Faoláin, Ceaití Ní Bheildiúin, Celia De Fréine, Proinsias Mac a’ Bhaird, Antain Mac Lochlainn, Gabhan Ó Fachtna, Scott de Buitléir, Orna Ní Choileáin, Gabriel Rosenstock, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Seán Mac Mathúna, Liam Ó Muirthile agus Mícheál Ó Ruairc.
- ↑ Buaiteoirí: Feargal Ó Béarra, Pádraig Mac Con Uladh, Antaine Mac Mathúna, Dairena Ní Chinnéide, Máire Dinny Wren.
- ↑ Buaiteoirí: Lisa Nic an Bhreithimh, Seán Mac Dhonnagáin, Kyle Malone, Roxana Rodica Badea.