Jump to content

Spioróg mhór ruadhonn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSpioróg mhór ruadhonn
Erythrotriorchis radiatus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais630 g
1.1 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Réise sciathán123.5 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir41 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas i mbaol
AICD22695699 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdAccipitriformes
FineAccipitridae
GéineasErythrotriorchis
SpeiceasErythrotriorchis radiatus Cuir in eagar ar Wikidata
Latham, 1801
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Is éan creiche é an spioróg mhór ruadhonn ( Erythrotriorchis radiatus ) a fhaightear san Astráil. Faightear é den chuid is mó i gcoillte sabhána thuaisceart na hAstráile, in aice le sruthchúrsaí ach go háirithe. Itheann sé réimse leathan creiche beo, arb éin eile iad den chuid is mó.

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an t-éaneolaí Sasanach John Latham an chéad chur síos ar an spioróg mhór ruadhonn den chéad uair sa bhliain 1801 faoin ainm dhéthéarmach Falco radiatus mar ba ghnách le go leor éin chreiche a aimsíodh ag an am.[1][2]

Glacadh leis gur ball an-mhór de fho-fhine na spioróige móire, Accipitrinae, a bhí sa speiceas seo ach creidtear anois go bhfuil a cosúlacht leis na héin eile seo inréimneach. Cuireann saineolaithe an spioróg mhór ruadhonn i ngrúpa leis an chlamhán bhroinndubh Hamirostra melanosternon agus an cúr cearnógearrach Lophoictinia isura anois mar cheann de shean-éin chreiche dhúchasacha na hAstráiléise. Creidtear gur chóilínigh sinsir na n-éan seo Gonduanalainn agus gur scar na speicis seo ina bhfoirmeacha reatha thar na milliúin bliain, b'fhéidir mar aon le dornán speiceas ó oirdheisceart na hÁise agus na hAfraice.[3]

Is speiceas monaitíopach é an spioróg mhór ruadhonn cé gur féidir méadú meáchain agus méide coirp a aithint laistigh dá raon ó aduaidh go dtí aneas.[4] Ní aithnítear an fospeiceas E. f. rufotibia ar a ndearna Archibald James Campbell cur síos sa bhliain 1911 as réigiún Kimberley in iarthuaisceart na hAstráile a thuilleadh, rud a chiallaíonn gur deacra atá sé an spioróg mhór ruadhonn a chur i dtacsón faoi leith dá bharr.[5] Tá roinnt conspóide ann ó thaobh gaol na spioróige móire ruadhoinne leis an spioróg mhór chestnut-shouldered (E. buergersi) as an Nua-Ghuine lena roinneann sé an géineas Erythrotriorchis sa lá atá inniu ann. Glactar leis de réir staidéir a rinneadh ar sheicheamhú géinte amach go bhfuil gaol idir Hamirostra agus Lophoictinia, ach tá áit Erythrotriorchis laistigh den fhine Accipitridae fós doiléir ag an tráth seo.[3][6]

Spioróg mhór ruadhonn, Leithinis Rinn Eabhrac, Queensland

Bíonn clúmh na spioróige móire ruadhoinne ruadhonn don chuid is mó; tá stríoca dubha agus bána ar an cheann, agus tá an aghaidh agus an scornach níos báine; marcáltar na dromchlaí uachtair (corp agus uachtair na sciathán) le dubh. Barrtar a cleití eitilte agus a heireaball le liath, le huachtar dorcha agus íochtar geal. Tá a híochtar (bolg agus clúdach íochtar na sciathán) ruadhonn le beagán ticeáil dhubh. Tá bolg níos éadroime ag an bhaineannach ná mar atá ag an fhireannach. Tá tuilleadh stríoca ar cheann an éin fhásta ná mar a bhíonn ar na gearrcaigh dá gcéad bhliain ar an tsaol.[7]

Bíonn imrisc bhuí ar na héin fhásta[7] (idir donn agus buí san fhireannach);[8] bíonn dath donn ar imrisc na n-éan óg. Bíonn dath an cere agus an chraicinn éagsúil san éan óg idir gorm-liath éadrom go liath éadrom san éan fhásta. Bíonn cosa agus troithe na n-éan fásta buí; bíonn dath idir liath éadrom, bánbhuí, nó buí éadrom ar chosa agus troithe na n-éan óg.[8]

Tá na sciatháin fada, leathan agus fadmhéarach ag a mbairr.[7] Tá a sciatháin fhada difriúil ó sciatháin ghearra na spioróg mór Accipiter.[8] Tá a heireaball fada agus leathan,[7] cearnógbhiorach agus thart ar leath a fhaid iomláin.[8] Tá gob láidir, iomaire malaí beag, agus cosa an-troma air le tarsa-mheiteatarsas lom a bhfuil patrún gainne scútalach orthu.[8]

Déantar cur síos ar phatrún na heitilte dírí mar "suaimhneach in amanna, sách trom agus cosúil le préachán, le buillí leanúnacha". Déanann an t-éan seo tóir atá "cumhachtach agus fuinniúil le buillí sciatháin domhain, sreabhach, cosúil le Fabhcún Donn atá ag eitilt go tapa". Bíonn sé ag faoileoireacht le sciatháin ardaithe ábhairín déhéidreach, nach mór cothrom, téann sé ar foluain le sciatháin cothroma nó beagáinín lúbtha agus cromann sé le sciatháin dhúnta uaireanta.[8]

Tomhaiseann an t-éan seo 45–60 cm ar fhad, le réise sciathán de 110–135 cm. Meáchan 635 g atá ag na fireannaigh agus 1100–1400 g ag na baineannaigh. Tá an baineannach ar chomhmhéid leis an chúr feadlach, agus an fireannach le seabhac donn baineann.[8]

Dáileadh agus gnáthóg

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar a neamhchoitianta agus atá an spioróg mhór ruadhonn agus an saol seachantach atá aige, is beag iad na deiseanna taifeadta iompair a bhí ag eolaithe go dtí seo. Ní minic a chasann daoine uirthi agus is i gcéin a bhíonn sé ar feadh tamaill ghearr leis sin; níos deacra fós a dhéanann na radharcanna do-dheimhnithe de bharr na speiceas atá an-chosúil léi a chothaíonn mearbhall ar dhaoine.[9] Cuireann an t-éan seo faoi in go leor gnáthóga difriúla fosta le gnéithe casta tíre amhail coillearnaí oscailte, sabhána trópaiceach faoi bhrat crainn, coillte bruachánach le taobh aibhneacha nó fiú ar imeall foraoisí báistí trópaicí. Seachnaíonn sé foraoisí dlútha, áfach. Glactar leis go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le foinsí uisce nach dtéann i ndísc ar feadh na bliana iomláine.[10] Is cosúil go dtaitníonn tírdhreach faoi smacht na gcrann eocalaipe leis na héin seo in Queensland ar a laghad.[11] Is ina n-aonar nó i bpéire a fheictear an spioróg mhór ruadhonn don chuid is mó, mar sin ní cosúil go gcruthaíonn siad grúpaí níos mó ná sin.[4] Nuair nach mbíonn siad i mbun seilge, is cosúil go gcaitheann siad a gcuid ama in áiteanna ciúine faoi scáth, rud a fhágann nach mbíonn siad an-fheiceálach. Is féidir iad a fheiceáil go príomha sna huaireanta déanacha ar maidin agus um thráthnóna ar eitiltí ísle ar foluain (faoi 150 m in airde) os cionn an cheannbhrait.[12]

Is iad Lilyvale i gCiantuaisceart Queensland, Sabhána Kakadu agus Oileáin Tiwi i gCríoch an Tuaiscirt, agus Tearmann Mornington i réigiún Kimberley na hAstráile Thiar na suíomhanna a aithníonn BirdLife International mar shuíomhanna tábhachtacha ar mhaithe le caomhnú na spioróige móire ruadhoinne.[13]

Tógtar an nead i nóid nochta crainn arda atá ag teacht chun cinn. Is ardán maide é atá líneáilte le duilleoga glasa, a thomhaiseann 60–120 cm trasna agus 30–50 cm domhain.[8]

Bíonn séasúr breithe na n-uibheacha ar siúl ó mhí na Bealtaine go mí Dheireadh Fómhair sa tuaisceart thrópaiceach, agus ó mhí Lúnasa go mí Dheireadh Fómhair san oirthear. Gortar na huibheacha ar feadh 40 lá, maireann an tréimhse sa nead 51–53 lá agus braitheann na gearrcaigh ar a dtuismitheoirí ar feadh 2–3 mhí eile.[8]

Itheann spioróga móra ruadhonna éin den chuid is mó, pearóidí agus coilm go háirithe; is annamh a bheireann siad ar mhamaigh, reiptílí agus feithidí móra freisin.

Go moch agus go déanach sa lá, seilgeann siad ó fharaí ceilte sna crainnte. Úsáideann siad traschriosanna fada i lár an lae agus téann siad tríd an chrannbhrat nó os a chionn, nó déanann siad cuardach ó shuíomh ard faoileoireachta. Ionsaíonn siad trí fhaoileitilt rúnda, trí ruaig dhíreach, nó b'fhéidir go gcromfaidh siad ó airde.[8]

Feictear an spioróg mhór ruadhonn i dtuaisceart agus in oirthear na hAstráile agus go dtí New South Wales ó dheas.

Is éan neamh-imirceach é thar aon rud eile ach bogann roinnt éan in oirthear na hAstráile óna láthair póraithe sna sléibhte go dtí an cósta tar éis na tréimhse póraithe sa gheimhreadh.[14]

Liostaítear an spioróg mhór ruadhonn go náisiúnta san Astráil mar éan atá i mbaol faoin acht cónaidhme Acht Chosanta Timpeallachta agus Chaomhnaithe Bithéagsúlachta 1999 EPBC agus tá sé liostáilte mar éan atá i mbaol i Queensland agus i New South Wales agus mar atá leochaileach i gCríoch an Tuaiscirt agus in Iarthar na hAstráile. Tá sé liostaithe faoin Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine atá i mBaol CITES fosta.[15]

Tá an speiceas seo scaipthe go tearc ar fud a raoin fud fad na hAstráile ach is cúis imní iad na laghduithe suntasacha a tharla le déanaí. Is iad na príomhbhagairtí agus príomhchúiseanna laghdaithe in oirthear na hAstráile ná glanadh foraoisí agus coillearnaí le haghaidh talmhaíochta, rud a fhágann go ndíghrádaítear an ghnáthóg atá fágtha, go laghdaítear líon na gcreach atá ar fáil agus go laghdaítear suíomhanna neadaithe oiriúnacha.[15]

Is uirlis bhainistíochta caomhnaithe thábhachtach í cosaint na gnáthóige fágtha atá slán agus obair athshlánaithe na gnáthóige oiriúnaí trí rialáil ar ghlanadh talún.[15]

  1. John Latham (1801). "Supplementum indicis ornithologici sive systematis ornithologiae (sa Laidin)": lch. xii. Londain: Leigh & Sotheby. 
  2. "Erythrotriorchis radiatus (Red Goshawk) - Avibase". avibase.bsc-eoc.org. Dáta rochtana: 2025-11-25.
  3. 3.0 3.1 Barrowclough, G. F.; Groth, J. G.; Lai, J. E.; S Tsang, S. M. (1cd Márta 2014). "The Phylogenetic Relationships of the Endemic Genera of Australo-Papuan Hawks". J. of Raptor Research 48 (1): lgh. 36-43. doi:https://doi.org/10.3356/JRR-13-33.1. 
  4. 4.0 4.1 Ferguson-Lees, J.; Christie, D. A. (2001). "Raptors of the World": lgh. 603–605. Londain: Christopher Helm. ISBN 0-7136-8026-1. 
  5. Campbell, A. J. (1911). "Description of a new goshawk". Emu - Austral Ornithology 10 (4): lgh. 249–251. doi:https://doi.org/10.1071/MU910249. 
  6. Debus, S. (2017). "Australasian Eagles and Eagle-like birds": lch. 2012. Clayton South: CSIRO Publishing. ISBN 978-1-4863-0692-3. 
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Simpson, Ken; Day, Nicolas (2004). "Field guide to the birds of Australia" (7): lch. 122. Camberwell, Victoria: Penguin Group (an Astráil). ISBN 0-670-04180-7.. 
  8. 8.00 8.01 8.02 8.03 8.04 8.05 8.06 8.07 8.08 8.09 Debus, Stephen J. S. (1998). "The birds of prey of Australia: a field guide": lgh. 35-39. Melbourne: Oxford University Press Australia. ISBN 0-19-550624-3. 
  9. Debus & Czechura, lch. 175
  10. Debus & Czechura, lch. 177
  11. Debus, S. (2017). "Australasian Eagles and Eagle-like birds": lch. 2013. Clayton South: CSIRO Publishing. ISBN 978-1-4863-0692-3.. 
  12. Debus & Czechura, lch. 176
  13. "Red Goshawk Erythrotriorchis Radiatus Species Factsheet" (en). BirdLife DataZone. Dáta rochtana: 2025-11-25.
  14. "Erythrotriorchis radiatus". globalraptors.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-07. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  15. 15.0 15.1 15.2 Department of the Environment and Energy (2012-08-01). "National recovery plan for the red goshawk (Erythrotriorchis radiatus)" (en). www.environment.gov.au. Dáta rochtana: 2025-11-25.