Spideog bhroinndearg
Erithacus rubecula Speiceas is lú imní
| |||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() An Spideog bhroinndearg
(Erithacus rubecula) | |||||||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
Erithacus rubecula (Linnaeus, 1758) | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
LE CUR SA TÉACS
|
Is éan beag pasaireach í an spideog bhroinndearg a aimsítear go forleathan san Eoraip agus i dtuaisceart na hAfraice. Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe agus cathrach, go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl. Tá sí le fáil fud fad na hEorpa, soir go dtí iarthar na Sibéire agus ó dheas go dtí an Afraic Thuaidh; bíonn sé suiteach sa chuid is mó dá raon ach amháin an taobh ó thuaidh.
Tacsanomaíocht agus córasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinne Carl von Linné cur síos ar an spideog sa bhliain 1758 sa 10ú heagrán dá Systema Naturae faoin ainmníocht dhéthéarmach Motacilla rubecula.[1] Is laghdach é an buafhocal speiceasach rubecula díorthaithe ó fhocal Laidineach rubar 'dearg'. [2] Thug an nádúraí Francach Georges Cuvier an ghéineas Erithacus isteach sa bhliain 1800, ag tabhairt a ainm déthéarmach reatha E. rubecula don éan. Is as an tSean-Ghréigis an t-ainm ghéineas Erithacus agus tagraíonn sé d’éan anaithnid, a aithnítear anois mar spideog.[3][4]
Ainmneacha i dteangacha Ceilteacha eile:[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Bhriotáinis: Boc'hruzig rujodenn
- An Choirnis: Rudhak
- An Bhreatnais: Robin goch
- Gaeilge Mhanann: Spittag
- Gaeilge na hAlban: Brù-dhearg
An teaghlach "Turdidae"[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gintear an liosta see ó shonraí i Wikidata, agus anois agus arís nuashonraíonn bota é.
Bainfear eagarthóieachtí laistigh den liosta seo: cuir an mhír in eagar ar Wikidata!
label | ainm an tacsóin | íomhá |
---|---|---|
Filiméala | Luscinia megarhynchos | |
Gormphíb | Luscinia svecica | |
Smólfhiliméala | Luscinia luscinia |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Carl Linnaeus, 10 Eagrán, Holmiae. (Laurentii Salvii), 1758 ,lth 188 | url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/727097
- ↑ Cassell's Latin Dictionary, 1979, 5ú Eagrán, lth 883
- ↑ Ernst Paynter, 1964, Check-list of Birds of the World. Iml.10, Museum of Comparative Zoology, Cambridge, Massachusetts, lth. 32. url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/14486221
- ↑ Georges Cuvier, 1800, Leçons d'anatomie comparée. Iml. 1, L'Institute National des Sciences et des Arts, url=http://docnum.u-strasbg.fr/cdm/ref/collection/coll13/id/175485
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |