Íomháú míochaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticÍomháú míochaine

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deteicneolaíocht agus réimse acadúil
íomháú athshondais mhaighnéadaigh

Raon próiseas is gaireas a úsáidtear sa mhíochaine ina ndéantar íomhánna nó pictiúir de na horgáin is fíocháin taobh istigh den cholainn. Mar shampla, úsáidtear X-ghathanna a fhorleathann tríd an gcolainn chun pictiúir scáileach de na cnámha sa cholainn a sholáthar don dochtúir.

Forbraíodh míochaine núicléach, le híomhánna de dháiltí radanúiclídí i réigiúin na colainne a sholáthar.

Ó timpeall 1970 tá teicneolaíochtaí nua tomagrafaíocha íomháithe á saothrú, mar atá, scanadh CT, ultrafhuaim, aingíografaíocht dhealaithe dhigiteach, íomháú athshondais mhaighnéadaigh, tomagrafaíocht astú posatrón, agus is mór an feabhas atá curtha ar dhiagnóis sa mhíochaine leo.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2003 roinn Peter Mansfield Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Paul Lauterbur as a thaighde i saothrú íomháú athshondais (núicléach) mhaighnéadaigh (MRI).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Íomháú míochaine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.