Ár nAthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
inscríbhinn ar an mballa sa séipéal Pater Noster, Iarúsailéim

Is é an tÁr nAthair paidir bhunúsach an chreidimh Chríostaí. De réir an tSoiscéil (Matha 6:9-13, agus Lúcás 11:2-4), d'fhiafraigh na hAspail d'Íosa, conas ba chóir dóibh bheith ag guí. Tá an phaidir seo thíos bunaithe ar an leagan Laidine den Bhíobla, agus é oifigiúil san Eaglais Chaitliceach. [1]

Seanmóir ar an Sliabhː d'fhiafraigh na hAspail d'Íosa, conas ba chóir dóibh bheith ag guí.

Sa leagan Protastúnach den Ár nAthair, cuirtear na focail ós leatsa an Ríocht, an Chumhacht agus an Ghlóir go deo leis an bpaidir roimh an áiméan.

As Gaeilge

Ár nAthair, atá ar neamh,
Go naofar D'Ainm,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu.
Agus maith dúinn ár bhfiacha,
Mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin.
Agus ná lig sinn i gcathú,
Ach saor sinn ó olc.
Aiméan.

As Laidin

Pater noster, qui es in caelis,
Sanctificetur nomen tuum.
Adveniat regnum tuum.
Fiat voluntas tua,
Sicut in caelo et in terra.
Panem nostrum cotidianum da nobis hodie.
Et dimitte nobis debita nostra,
Sicut et nos dimittimus debitoribus nostris.
Et ne nos inducas in tentationem;
Sed libera nos a malo.
Amen.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Bíobla Naofa. Arna aistriú ón mbuntéacs faoi threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. An Sagart, Maigh Nuad 2000.