Yuri (seánra)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pictiúr a léiríonn Yuri

Is é yuri (Gaelaithe: iúirí, Seapáinis: 百合, go litriúil “lile”) an focal Seapáinise a chiallaíonn spéis rómánsach nó ghnéasach idir mná. Faightear yuri ar an gcineál coimicí (manga) agus beochaintí (anime) a tharraingítear sa tSeapáin, agus i gcoimicí agus anime a dhéanann aithris ar stíl shainiúil an mhanga agus anime Sheapánaigh. Téarma eile do yuriGL, an giorrúchán ar Girls' Love (Seapáinis: ガールズラブ, Rómhánú Hepburn: Gāruzu Rabu, wasei-eigo).

Is é a chontrapháirt yaoi, seánra anime agus manga a leagann béim ar chaidreamh rómánsach nó gnéasach idir beirt daoine fireanna.