Violet Gibson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThe Honourable (en) Aistrigh
Violet Gibson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1876
Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás2 Bealtaine 1956
79 bliana d'aois
Northampton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisProper (en) Aistrigh
Áit adhlacthaReilig Kingsthorpe Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairEdward Gibson  agus Frances Maria Adelaide Colles
SiblínWilliam Gibson, Dara Barún Ashbourne
Uaigh Violet Gibson in Northampton

Bean Éireannach a rinne iarracht Benito Mussolini a mharú[1] ab ea Violet Albina Gibson (31 Lúnasa 18762 Bealtaine 1956). Iníon an Tiarna Ashbourne a bhí inti. I mBaile Átha Cliath a rugadh í.

Ar 7 Aibreán 1926 scaoil Gibson le Mussolini, a bhí ina shuí i ngluaisteán i ndiaidh óráid a thabhairt sa Róimh. Scaoil sí dhá urchar leis. Ar éigin a bhí sé gortaithe, áfach. Cuireadh bindealán ar a shrón agus lean Mussolini leis sa pharáid a bhí ceaptha don lá.

Ba bheag nár linseáladh Gibson (mar a tharla i gcás fear óg a rinne iarracht Mussolini a mharú ar ócáid eile). Gabhadh í, agus toisc ise ina heachtrannach agus ina gealt, dar leis na húdaráis Iodálacha, d'ordaigh Mussolini í a chur chuig an Bhreatain Mhór gan an dlí a chur uirthi sa chúirt.[2]

Chaith sí an chuid eile dá saol in ospidéal síciatrach, Saint Andrew's, in Northampton.[3] Tá Gibson curtha i Reilig Kingsthorpe sa chathair chéanna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Woman Who Shot Mussolini, The Guardian, 27 Feabhra 2010
  2. Bosworth, R.J.B., Mussolini, 2002, lgh. 218-9
  3. http://www.bbc.co.uk/radio4/hometruths/20060410_mussolini.shtml "Mussolini's Nose", BBC