Vicipéid:Laethanta roghnaithe/2 Eanáir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an 2 Eanáir an dara lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 363 lá fágtha sa bhliain nó 364 i mbliain bhisigh.

Isaac Asimov

  • 1870 – Cuireadh tús le tógáil an Brooklyn Bridge i Nua Eabhrac
  • 1900 – Osclaíodh Canáil Chicago
  • 1907 – Chuaigh an chéad traein ó Shráid Amien go Binn Éadair
  • 1920 – Rugadh Isaac Asimov, scríbhneoir ficsin eolaíochta (b. 1992)
  • 1922 – Foilsíodh an chéad eagrán de Poblacht na hÉireann, iris a bhunaigh na Poblachtánaigh le cur in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh
  • 1941 – D'ionsaigh eitleáin bhuamála na Gearmáine Éire de thaisme. Fuair triúr ban bás i gContae Cheatharlach, agus gortaíodh cuid mhaith daoine sa phríomhchathair féin
  • 1944 – Thug an Kerlogue, long Éireannach, 164 Gearmánach go dtí An Cóbh tar éis iad a tharrtháil amuigh ar an teiscinn mhór. Chuaigh a long féin i dtóin phoill nuair a bhuail toirpéad í
  • 1959 – Ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista an lá roimhe sin
  • 1971 – Cuireadh cosc ar fhógraíocht tobac ar an teilifís sna Stáit Aontaithe
  • 1984 – Rugadh Denis Behan, imreoir sacair
  • 2009 – Cailleadh Tony Gregory (r. 1947)
  • Tuilleadh teagmhais: 1 Eanáir2 Eanáir3 Eanáir