Veaspáisian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVeaspáisian

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Titus Flavius Vespasianus
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 9
Falacrine (An Iodáil Rómhánach)
Bás23 Meitheamh 79
69 bliana d'aois
Aquae Cutiliae Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaAn Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire Rómhánach
21 Nollaig 69 – 24 Meitheamh 79
← VitelliusTíteas →
Aedíleach pleibeach
38, 39 –
Praetóir
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
Consal Rómhánach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCreidimh na Sean-Róimhe
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
TeangachaAn Laidin
Gairm mhíleata
Céim mhíleatalegatus Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalImpire Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachFlavian dynasty (en) Aistrigh agus Flavii Sabini (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDomitilla Mór Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíCaenis Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTíteas
 ( Domitilla Mór)
Domitianus
 ( Domitilla Mór)
Domitilla Óg
 ( Domitilla Mór) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTitus Flavius Sabinus  agus Vespasia Polla
SiblínTitus Flavius Sabinus agus Flavia Vespasia

Find a Grave: 34551100 Cuir in eagar ar Wikidata

Impire Rómhánach ó AD 69 go AD 79 ab ea Veaspáisian[1] (Laidin: Titus Flavius ​​Caesar Vespasianus Augustus; 17 Samhain 9- 23 Meitheamh 79). B'eisean a bhunaigh an ríshliocht Flaiviach a rialaigh an Impireacht le cúig bliana fichead.

Is fearr aithne ar réimeas Veaspáisian mar gheall ar thionscadail tógála éagsúla uaillmhianacha, mar shampla an Colasaem. Chuir sé i bhfeidhm chomh maith leasúchán airgeadais tar éis meath an ríshleachta Iúil-Claudiach. Agus ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phalaistín agus Iúdáia.[2]

17ú haois

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scriosadh Iarúsailéim, faoi stiúir Vespasianus AD 70

Rugadh Veaspáisian i bhFalacrina (Latin: Falacrīnum nó vīcus Phalacrīnae), sa tír Saibíneach in aice le Reate. Ní raibh a theaghlach oirirce den chuid is mó agus bhí easpa ginealaigh acu. B'é a sheanathair athartha, Titus Flavius ​​Petro, an chéad duine acu chun clú a tharraing air féin, ag ardú go dtí céim an taoisigh chéid (Laidin: centurio) agus throid sé ag Pharsalus (Greigis Ársa: Φάρσαλος) do Phoimpéas (Laidin:Gnaeus Pompeius Magnus) sa bhliain 48 BC. Ina dhiaidh, sin ba bhailitheoir fiachais é.

Ba ó shliocht theaghlach eachaíochta (Laidin:ordo equeste) é Veaspáisian, a bhfuair ardú céime isteach i gcéimíocht na seanadóirí, faoi na hImpirí de chuid an ríshliocht Iúil-Claudiach.

Augur Vespasianus

Saighdiúireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vespasianus

Cé gur shroich sé an gnáth comharbas mar oifigeach poiblí, ceapadh ina chonsul é sa bhliain 51 AD. ​​Bhí ainm in airde aige mar cheannasaí rathúil míleata. Ghlac sé páirt in ionradh na Rómhánach ar an Bhreatain sa bhliain 43.

Bhí sé ina cheannasaí sa tSiria agus sa Phalaistín.[2] Chuir sé an Iúdáia faoi smacht le linn éirí amach na nGiúdach, sa bhliain 66. Ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phalaistín agus Iúdáia.

Seilbh ar an gcumhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Colasaem

Nuair a bhí Veaspáisian ag ullmhú chun chathair Iarúsailéim a chur faoi léigeár, chuir an t-impire Nearó lámh ina bhás féin, rud a thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.

Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus), Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus), a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69.

Thacaigh Veaspáisian le Vitellius ar dtús.[2] Ach níos déanaí, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Veaspáisian mar impire ar an 1 Iúil.

Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Veaspáisian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[2]

Vespasian' agus an Columna Rostrata

Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Veaspáisian ina Impire Rómhánach.

Leasaitheoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’athchóirigh Veaspáisian cúrsaí airgeadais an stáit.[2] Ghearr sé siar ar nithe rabairneacha. Bhunaigh sé scoileanna agus thóg sé folcadáin. Thosaigh sé ag obair ar an gColasaem.

Comharbacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar a bhás in aois 70 dó, sa bhliain 79, tháinig a mhac ba shine Títeas (Laidin:Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus ) i gcomharbacht air, mar sin, b'é an chéad Impire Rómhánach é a d'éirigh len a mhac féin dul i gcomharbas air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Veaspáisian” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-21.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.