Uachtarán na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticUachtarán na hÉireann
Séala Uachtarán na hÉireann
SealbhóirMícheál D. Ó hUiginn
ó 11 Samhain 2011
CónaitheÁras an Uachtaráin
DlínseÉire
StáitÉire
Sainordú7 bliain
Cruthú25 Meitheamh 1938
Suíomhpresident.ie…

Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.

Toghadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.

Áras an Uachtaráin.

Dualgais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.

Coimisiún an Uachtaráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[1][2][3][4]

Cumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:

  • Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
  • An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
  • An tOireachtas a chomóradh
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
  • Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
  • Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)

Uachtaráin na hÉireann 1938-[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.

Uimhir Ainm Pictiúr In oifig As oifig Páirtí
1. Dubhghlas de hÍde 25 Meitheamh, 1938 24 Meitheamh, 1945 Ainmniúchán uile-pháirti
2. Seán T. Ó Ceallaigh 25 Meitheamh, 1945 24 Meitheamh, 1959 Fianna Fáil
3. Éamon de Valera 25 Meitheamh, 1959 24 Meitheamh, 1973 Fianna Fáil
4. Erskine H. Childers 24 Meitheamh, 1973 17 Samhain, 1974 Fianna Fáil
5. Cearbhall Ó Dálaigh 19 Nollaig, 1974 22 Deireadh Fómhair, 1976 Fianna Fáil
6. Pádraig Ó hIrighile 3 Nollaig, 1976 2 Nollaig, 1990 Fianna Fáil
7. Máire Mhic Róibín 3 Nollaig, 1990 12 Meán Fómhair, 1997 Lucht Oibre
8. Máire Mhic Giolla Íosa 10 Samhain, 1997 10 Samhain, 2011 Fianna Fáil / Neamhspleách
9. Mícheál D. Ó hUiginn 11 Samhain, 2011 in oifig fós Lucht Oibre / Neamhspleách

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the President of Ireland. "The President Presidential Commission" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.
  2. Presidential Commission”. Citizens Information. Citizens Information Board (1 May 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 July 2013. Dáta rochtana: 21 December 2010.
  3. Private Business. - Ministerial Changes: Statement Curtha i gcartlann 2012-03-07 ar an Wayback Machine Dáil debates, 5 November 1992
  4. Clarity, James F. (6 November 1992). "Leader Defeated, Irish Government Collapses". New York Times. Dáta rochtana: 21 December 2010.