Thing (tionól)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tionóladh na nGearmánach thing, i rilíf ó Cholún Marco Aurelio. (193 CE)

Tionól rialála i sochaithe tuaisceartacha Gearmánacha ba ea an thing,  comhdhéanta de saordhaoine an phobail, le lawspeaker i gceannas . Tá an focal le feiceáil san tSean-Lochlainnis,san tSean-Bhéarla, agus san Nua-Íoslainnis mar þing (fuaimnítear þ cosúil le  "ú" /θ/ neamhghlórach), san Mheán-Bhéarla (mar atá sa Nua-Bhéarla), san tSean-Shacsainis, san tSean-Ollainnis agus san tSean-Fhreaslainnis mar thing, sa tSean-Ard-Ghearmáinis, sa Mheán-Ard-Ghearmáinis, san Ollainnis Pheinnsiolváiniach, san Mheán-Ollainnis, san Nua-Ollainnis, agus san Afracáinis mar ding agus sa Nua-Ghearmáinis mar Ding, agus san Nua-Ioruais, Danmhairgis, Sualainnis, Faróis, Gutnish, agus Nornis marting, go léir ón phrótai-Ghermáinis neodrach *þingą; tá an focal mar an gcéanna leis an focal níos coitianta Béarla thing, leis an bhrí bhunúsach araon ag a n-croí  "grúpa ag teacht le chéile"  —i gcás amháin,  "tionól" nó "cruinniú", san chás eile, "eintiteas", "réad", nó "rud". Thugtaí  "thingstead" (Sean-Béarla þingstede) nó "thingstow" (Sean-Béarla þingstōw) ar láthair chruinnithe an thing.