Tesco Ireland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTesco Ireland
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1966
Bunaitheoir(í)Pat Quinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgegrocery store (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtTesco Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintesco.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: TescoIreland Twitter: TescoIrl Instagram: tescoirl Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Tesco Ireland an brainse Éireannach de Tesco plc. Is é Tesco Ireland an tsraith ollmhargaí is mó in Éirinn. Tá ollmhargaí acu faoin ainm "Tesco" den chuid is mó, chomh maith le "Tesco Extra" le haghaidh siopaí níos mó, agus "Tesco Express" i gcomhair siopaí beaga.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tesco Ireland sna 1980idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Tesco Ireland an t-ainm a bhí ar ghrúpa ollmhargaí in Éirinn sna 1980idí. Sa bhliain 1986 díoladh iad chuig an comhlacht H Williams a d'imigh as trádáil an bhliain dár gcionn.

Quinnsworth/Crazy Prices[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ollmhargadh in Éirinn a thosaigh sna 1970idí é Quinnsworth. Bhí an t-ainm Crazy Prices tugtha acu ar a gcuid siopaí móra. Ba é Associated British Foods (ABF) an t-úinéir. I 1997 díoladh iad chuig Tesco plc agus foirmíodh "Tesco Ireland". Chomh maith leis seo cheannaigh Tesco Lifestyle Sports, ach de bharr ceannach thar barr amach ag an mbainistíocht díchumaiscíodh é.

Tesco[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a chéile athraíodh ainmneacha na siopaí chuig "Tesco Ireland", agus baineadh úsáid as leagan gorm de lógó Tesco.

Anois tá Tesco ag cur an lógó a úsáidtear sa Bhreatain ar a gcuid siopaí agus tá an lógó "Tesco Ireland" ag imeacht as úsáid.

Nuacht le déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Tesco faoi bhrú faoi láthair chun a gcuid praghsanna a ísliú mar gheall ar an mbearna ollmhór idir na praghsanna i bPoblacht na hÉireann agus na praghsanna i dTuaisceart na hÉireann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iomaitheoirí Tesco in Éirinn

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]