Teangacha Cugasacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Cugasacha
Cineálteanga ghleanúnach
Aicmiú teangeolaíoch
aonán
oibiacht theibí
teangóid
teangacha a bhaineann le réigiún
Tréithe
Staidéar agcaucasology (en) Aistrigh

Grúpa mór ilghnéitheach de theangacha iad na teangacha Cugasacha, agus iad á labhairt ag corradh is deich milliún duine i Sléibhte Chugais, ar theorainn na hEorpa agus na hÁise, idir an Mhuir Dhubh agus an Mhuir Chaisp. Ní fine cheart teangacha iad na teangacha Cugasacha dáiríre, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpai ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. (Mar shampla, tá gaol ag an tSeisnis agus ag an Iongúisis le chéile gan aon dabht, agus iad fiú intuigthe ag cainteoirí a chéile.) Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil cuid de na teangacha seo gaolmhar le chéile, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé ciallmhar staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.

Grúpaí eitneatheangeolaíocha i réigiún na sléibhte Cugasacha

An tSeoirsis agus na teangacha Cugasacha Deisceartacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tSeoirsis an teanga is tábhachtaí acu seo mar theanga chultúrtha. Ceann de na teangacha Cugasacha Deisceartacha í, agus í gaolmhar leis na teangacha eile sa chraobh seo, mar atá, an teanga Margaluri (Mingréilis), an teanga Svaneti agus an teanga Laz. Teangacha iad seo atá thar a bheith difriúil leis an tSeoirsis ó thaobh na gramadaí agus an fhoclóra de, ach mar sin féin, dearcann na Seoirsigh orthu mar chanúintí de chuid a dteanga féin, ó úsáideann a gcainteoirí dúchais an tSeoirsis liteartha mar theanga chultúrtha - is é sin, má tá teacht acu ar an tSeoirsis: an chuid is mó de chainteoirí na teanga Laz, tá cónaí orthu sa Tuirc, agus iad ag scríobh as Tuircis.

Na Teangacha Nacha-Dhagastánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foghrúpa eile de na teangacha Cugasacha is ea na teangacha Caspacha nó na teangacha Nacha-Dhagastánacha - na teangacha Cugasacha Oir-Thuaisceartacha. Is iad an tSeisnis agus an Iongúisis na teangacha is tábhachtaí acu seo. Teangacha eile sa chraobh seo iad an teanga Lak, an teanga Avar, an teanga Lezgi, an teanga Tabasaran, agus an teanga Dargwa. Is teangacha liteartha iad seo, ach thairis sin, tá cuid mhaith eile acu ann nach bhfuil caighdeán scríofa ar bith acu. Na páistí a labhraíonn an teanga Botlikh, mar shampla, faigheann siad a gcuid scolaíochta trí mheán na teanga Avar, arb í francbhéarla na Dagastáine í.

Na Teangacha Pontacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha, nó na teangacha Pontacha, nó na teangacha Abkhaz-Adyghe, an tríú foghrúpa atá ina fhíor-fhine teangacha. Is í an Chabairdis an teanga is líonmhaire cainteoirí dúchais acu. Teangacha eile iad an teanga Adyghe, a bhfuil gaol dlúth aici leis an gCabairdis - is minic a dhearctar ar an mbeirt acu mar chanúint aon teanga amháin - agus na teangacha Abkhaz agus Abaza, agus iad níos cosúla le chéile ná leis an gCabairdis nó leis an teanga Adyghe. Bhí a leithéid de theanga ann agus Ubykh freisin, ach fuair an cainteoir deireanach dúchais bás sa bhliain 1992. Bhí an teanga Ubykh níos cosúla leis an teanga Abkhaz agus leis an teanga Abaza, ach b'í an teanga Adyghe a mharaigh í.

Teangacha "neamh-Chugasacha" Chugais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an trí fhine teangacha seo, a cheanglaítear dá chéile mar "theangacha Cugasacha", teangacha fíor-dhúchasacha Chugais. Agus an méid sin ráite, tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil go leor teangacha eile á labhairt sa réigiún:

  • Teangacha Ind-Eorpacha. Tá go leor teangacha Ind-Eorpacha le cloisteáil i réigiún Chugais. Is í an Airméinis an ceann is suimiúla acu, is dócha, nó is craobh inti féin í i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá cúpla teanga Iaránach ann freisin, go háirithe an Óiséitis, ach thairis sin, labhraítear an teanga Talysh in áiteanna san Asarbaiseáin. Thuas sna sléibhte Cugasacha, cónaíonn Giúdaigh Chugais, agus iad ag labhairt Tat, teanga Iaránach eile. Ar ndóigh, teanga Ind-Eorpach í an Rúisis fosta, agus í coitianta go maith sa réigiún.
  • Teangacha Turcacha (nó "teangacha Tuircice"). Is í an Asarbaiseáinis an ceann is tábhachtaí acu, agus í an-chosúil leis an Tuircis a labhraítear sa Tuirc féin. Tá teangacha eile de chuid den ghrúpa seo á labhairt sa réigiún freisin, ar nós na teanga Karachay-Balkar, na teanga Nogai, agus na teanga Kumyk.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]