Teanga Struchtúrtha Iarratas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teanga Struchtúrtha Iarratas
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálteanga fhógrach, Teanga iarratais, teanga ríomhchlárúcháin agus domain-specific language (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arfirst-order logic (en) Aistrigh
Bunleagan1974
Leagan bogearraí
SQL:2023 (1 Meitheamh 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Foireann
Forbróir(í)Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán, Raymond F. Boyce agus Donald D. Chamberlin
DearthóirDonald D. Chamberlin agus Raymond F. Boyce
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáiniso.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditSQL Cuir in eagar ar Wikidata


SEQUEL Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón mBéarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Tá sé anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.

Fuaimniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair an comhlacht IBM é Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987. Leathnaíodh an teanga chun sainmhíniú struchtúr an bhunachair a chuimsiú[1].

Caighdeánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Ainm Ailias Nótaí tráchta
1986 SQL-86 SQL-87 Céadfhoilsithe ag ANSI. Daingnithe ag ISO i 1987.
1989 SQL-89 Mionleasú.
1992 SQL-92 SQL2 Leasú mór (ISO 9075).
1999 SQL:1999 SQL3
2003 SQL:2003  
2006 SQL:2006   Tugtar sainmhíniú in ISO/IEC 9075-14:2006 ar shlite inar féidir úsáid a bhaint as SQL in éineacht le XML.

Eochairfhocail SQL[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.

Aisghabháil sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair shonraí le haghaidh idirbheart.

SELECT (roghnaigh)

 Sampla 1:
  SELECT * FROM leabhair
  WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00
  ORDER BY teideal

Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.

 Sampla 2:
   SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair
   FROM leabhair
   JOIN leabhar_údair
     ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair
   GROUP BY leabhair.teideal

Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.

Ionramháil sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.

  • INSERT: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).
  • UPDATE: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.
  • MERGE
  • DELETE: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT:
INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE:
UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE:
DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';

Sainiú sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.

  • CREATE
  • DROP
  • TRUNCATE
  • ALTER

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)