Taispeántas an Eolaí Óig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTaispeántas an Eolaí Óig
Cineálcomórtas daltaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1965 - 

Suíomh gréasáinbtyoungscientist.com Cuir in eagar ar Wikidata
2005

Is taispeántas agus comórtas bliantúil é Eolaí Óg na Bliana (BT Young Scientist and Technology Exhibition i mBéarla) do dhaltaí scoile a bhfuil spéis san eolaíocht acu.

Bíonn an comórtas ar siúl gach bliain san RDS (Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath) i mBaile Átha Cliath, díreach tar éis laethanta saoire na Nollag.

Breis is 500 tionscnamh atá ar taispeáint san RDS go hiondúil. Tá an comórtas ar an bhfód le hos cionn leathchéad bliain.[1] Tá cáil ar an taispeántas mar cheann de na hardáin is fearr le daoine óga cumasacha a spreagadh agus dúil acu san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.[2]

Faigheann an buaiteoir corn, €5000 agus turas chuig ionad eolaíochta.[3] Tá deis ag an té a thugann an phríomhdhuais leo páirt a ghlacadh i gcomórtas Eolaí Óg an Aontais Eorpaigh freisin.

Buaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2018. Bhuaigh Simon Meehan as Coláiste Choilm i gContae Chorcaigh an phriomhdhusais dá thionscnamh "Investigation of the antimicrobial effects of both aerial and root parts of selected plants against Staphylococcus aureus."
  • 2017. Bhuaigh Shane Curran, sé bliana déag d’aois agus as Baile Átha Cliath, an phríomhdhuais don bhliain 2017. Bhí sé ag freastal ar Choláiste Thír An Iúir Duibhe ag an am, sa chúigiú bliain. Bhí sé ag féachaint ar bhealach nua chun a chinntiú go bhfuil eolas ríomhaireachta i dtaisce go slán sábháilte.
  • 2016. Thug beirt, Maria Louise Fufezan agus Diana Bura, as meánscoil Loreto i mBaile Brigín, príomhdhuais an chomórtais leo. D’amharc an tionscnaimh ar thréimhse saoil bhia ainmhí agus an tionchar atá ag einsímí i mbreiseáin bhia.

Duais don tionscnamh is fearr i nGaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá duais speisialta ann, a ndéanann Foras na Gaeilge urraíocht air, don tionscnamh is fearr i nGaeilge.

Bliain Ainm(neacha) Teideal an tionscnaimh Scoil Contae
2018 Iarlaith Mac Fhionnghaile Triail eolaíochta chun taispeaint an tionchar atá ag “cúpla deoch” ar do thiomáint Coláiste Ailigh Dún na nGall
2015 Aoibhín Ní Fhionnagáin Suirbhé de lámhscríbhneoireacht ag déanamh comparáide idir dochtúirí agus gnáthdhaoine. Coláiste Oiriall Muineachán

An taispeántas agus an Ghaeilge: conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Tuairisc.ie[4], tá a míshástacht léirithe ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoileanna lán-Ghaeilge faoin gcóras moltóireachta a bhí i bhfeidhm ag Taispeántas an Eolaí Óig BT. Bíonn roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta i láthair ag an gcomórtas eolaíochta gach uile bhliain. Thug múinteoirí eolaíochta agus tuismitheoirí le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil siad sásta go mbíonn ar dhaltaí a dhéanann tionscnaimh i nGaeilge a gcuid oibre a mhíniú uaireanta i mBéarla do mholtóirí an chomórtais. Ní bhíonn an fhoirm iarratais i nGaeilge, ach i mBéarla amháin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RTÉ, 9 Eanáir 2015
  2. Meon Eile 18 Eanáir 2016
  3. Eleathanach, 17 Eanáir 2016
  4. Tuairisc 13 Eanáir 2015