Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair
Cineálarms trafficking (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deReibiliún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Iúil 1914 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Is é atá i gceist nuair a thagraítear do Thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair ná an ócáid sin arna seachadadh 1,500 raidhfil d’Óglaigh na hÉireann ag cuan Bhinn Éadair ar an 26 Iúil 1914. Tarraingíodh aird slua mhóir ar an tabhairt i dtír agus na gunnaí á ndí-ualú ó luamh príobháideach le solas an lae, agus d’ordaigh na húdaráis go n-idirghabhfadh na póilíní agus an t-arm araon san eachtra. D’éirigh leis na hÓglaigh na fórsaí slándála a sheachaint, áfach. Chuir saoránaigh aighneas ar reisimint darbh ainm the King’s Own Scottish Borderers ar Shiúlán Bhaitsiléir agus na saighdiúirí sin ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí. Chaith siad clocha agus maslaí leo. Scaoil na saighdiúirí leis an slua nach raibh airm acu agus sháigh siad fear amháin le beaignit, rud a d’fhág gur maraíodh ceathrar saoránach agus gur gortaíodh ocht nduine is tríocha.

Caladh Bhinn Éadair

An plean chun na gunnaí a thabhairt i dtír[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Darrell Figgis, ba i mí Aibreáin, 1914 a smaoiníodh ar an bplean den chéad uair, mar thoradh ar Cheannairc an Churraigh, eachtra a thit amach ar an 20 Márta. Chreid a lán Éireannaigh nach bhféadfaidís iontaoibh a bheith acu in Arm na Breataine chun Rialtas Dúchais a fhorghníomhú nuair a chuirfí i bhfeidhm sa tír é, agus chreid a lán ball d’Óglaigh na hÉireann go gcuirfí borradh faoin earcaíocht san eagraíocht sin dá mbeadh teacht ar ghunnaí acu. Rinneadh cinneadh ag lón a raibh Alice Stapford Green, an Tiarna Ruairí Mac Easmainn agus Eoin Mac Néill i láthair aige go rachadh Figgis i dteagmháil le Mícheál Ó Rathaille chun ciste a bhunú le haghaidh airm a cheannach.

Níor éirigh leis san iarracht sin agus tháinig lagmhisneach ar an ngrúpa nuair a fuair siad amach faoi Thabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna a rinne Óglaigh Uladh. D’iarr Mac Easmainn ar Alice Green go n-íocfaí iasacht ar ais nuair a cheannódh na hÓglaigh a gcuid gunnaí. Chuaigh Mac Easmainn, Figgis agus Erskine Childers i dteagmháil le gníomhaire i Londain de chuid déileálaí arm Beilgeach. Ar deireadh thiar, chuir siad clabhsúr ar an margadh le déileálaí in Hamburg ar chuir an Rathailleach in aithne dóibh é, agus shocraigh siad ar dhíolachán 1,500 raidhfil.[1]

an Asgard sa Mhuir Bhailt,1910; Erskine agus Molly Childers ar bord

De réir fhianaise Earnáin de Blaghd, chuir Bulmer Hobson dualgas ar Ailf Ó Cadáin faisnéis shaineolach faoin gcuan agus eolas “a d’oirfeadh do chaptaen a bheadh ag stiúradh báid isteach agus nach bhféadfadh, b’fhéidir, fanacht le taoide”[2] a bhailiú cúpla seachtain roimh an teacht i dtír.[2]

Ba iad Erskine Childers, Molly Childers, an Tiarna Ruairí Mac Easmainn, Alice Green agus Mary Spring Rice a d’iompair an t-ualach thar sáile.[3] Chuir Molly Childers agus Spring Rice coiste ar bun chun ciste a chruinniú le haghaidh na n-arm, agus d’éirigh leo breis is £2,000 a bhailiú. Choinnigh Molly dialann inar scríobh sí faoin eachtra, cáipéis staire atá lán castaí greannmhara. Chuir na Childers a luamh pléisiúr, an Asgard, ar fáil le haghaidh iompar 900 de na raidhfilí aon-urchar Mauser M1871 11 mm agus na 29,000 urchar dá armlón púdair dhuibh. Ionas go mbeidís in ann na gunnaí úd a cheannach, luaigh Erskine Childers – a shínigh an conradh – leis an déileálaí arm Gearmánach go raibh na raidhfilí ag triail ar Mheicsiceo. Ba bheag nach raibh na gunnaí, a bhí ann ó aimsir an Chogaidh Fhranc-Phrúisigh (1870–71), fós in ann feidhmiú. Cuireadh chun feidhme ní ba dhéanaí iad in Ard-Oifig an Phoist in Éirí Amach na Cásca in 1916.

Rinne Sir Thomas Myles, Tom Kettle, agus James Meredith méid raidhfilí Mauser i bhfad níos lua ná sin a thabhairt i dtír díreach ag an am céanna ó bhád darbh ainm an Chotah i gCill Chomhghaill i gContae Chill Mhantáin.

Iompar na ngunnaí thar sáile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Conor O’Brien, na Childers, Spring Rice agus beirt mhairnéalach ó Chontae Dhún na nGall, Patrick McGinley agus Charles Duggan, an Asgard agus bád O’Brien, an Kelpie, a sheoladh chuig baoi áirithe in aice le cósta na Beilge. Ba ag an mbaoi sin, baoi Ruytingen, a tháinig siad ar an tuga a d’iompair na raidhfilí ó Hamburg. Líon na hairm cábán an luaimh suas go béal, rud a d’fhág nach raibh aon spás fágtha ann chun codlata, nó fiú chun bia a réiteach, agus bhí ar an gcriú gach uile rud a dhéanamh os cionn mhullach na n-arm. Bhí orthu dúshlán a thabhairt ar chúpla stoirm ar an turas ar ais. Agus ina dhiaidh sin, tháinig siad ar loingeas uile de chuid Chabhlach na Breataine, a bhí réidh don bhriseadh amach cogaidh a bhí ar na bacáin ag an am. Bhí ar chriú an Asgard seoladh tríd an loingeas sin agus an lastas neamhcheadaithe ar an mbád. Cuntas pearsanta, corraitheach atá sa chur síos i ndialann Spring Rice faoin gcuid sin den aistear.[4]

Teacht i dtír ar Bhinn Éadair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh na hairm i dtír ón Asgard ar chuan Bhinn Éadair ar an 26 Iúil 1914. Bhí baill de chuid Fhianna Éireann ann ag feitheamh orthu, cairteacha láimhe agus baraí rotha acu, réidh chun luí isteach ar an obair. Bhí Bulmer Hobson, Dubhghlas de hÍde, Darrell Figgis, Peadar Kearney agus Tomás Mac Donnchadha i láthair ann, freisin. Chuir máistir an chuain na húdaráis ar an eolas faoin méid a bhí ag tarlú, agus glaodh ar Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath teacht amach. D’iarr an Coimisinéir Cúnta Harrell go dtabharfaí cúnamh míleata freisin, agus seoladh amach díorma de chuid na “King’s Own Scottish Borderers” óna mbeairicí i gCill Mhaighneann. Tháinig an dá dhream, na hÓglaigh agus fórsaí an Údaráis, in aghaidh a chéile i gCluain Tarbh.[5]

Leis sin, bhris círéib amach idir Óglaigh nach raibh acu mar airm ach baitíní agus na póilíní. Bhí líon mór póilíní nár ghlac leis na horduithe a tugadh dóibh na hÓglaigh a dhí-armáil agus níor éirigh leosan a lean na horduithe na hairm a urghabh. Ina dhiaidh sin, tharla go raibh achrann eile ann ina raibh ní ba mhó troid ucht-le-hucht agus inar baineadh úsáid as beaignití agus puint raidhfilí. Seans maith gur scaoil Óglaigh nó baill de chuid na bhFianna piléir piostail freisin[6] 

Sa ruaille buaille sin go léir, d’éirigh le Tomás Mac Donnchadha agus Bulmer Hobson orduithe a thabhairt do chuid d’Óglaigh Fhianna Éireann na gunnaí a athsheachadán as láthair agus iad a chur i bhfolach i dtailte sa cheantar arbh leis na Bráithre Críostaí iad. Ina iomláine, ghabh na póilíní 19 raidhfil, ach bhí orthu iad siúd a thabhairt ar ais nuair a cinneadh sa chúirt gur gabhadh iad go mídhleathach.

Fágadh cuid de na gunnaí i dteach Énrí Ó Beoláin (Harry Boland i mBéarla), 15 Corrán Marino, Cluain Tarbh, chomh maith.[...]

Siúlán Bhaitsiléir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siúlán Bhaitsiléir

Faoin bpointe sin, bhí slua mór tar éis bailiú agus thosaigh lucht an tslua ag déanamh trasnáil ar na saighdiúirí agus á bhfonóid nuair a chonaic siad iad ag teacht agus cuma chrosta ar a n-aghaidh. [7] Agus iad ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí, tháinig cuid de na saighdiúirí trí Shiúlán Bhaitsiléir, áit inar tháinig siad in aghaidh slua naimhdeach cé nach raibh airm ag lucht an tslua.

Bhí an slua ag déanamh ceap magaidh de na saighdiúirí faoin tslí ar dteip orthu ina n-iarracht na hairm a urghabháil. Thosaigh an slua ag caitheamh cloch srl agus gortaíodh cuid de na saighdiúirí Briotanacha.

Bhí oifigeach ann, Major Alfred Haig, a thug sé ordú do na Borderers aghaidh a thabhairt ar an slua.[8] Timpeall 7pm, scaoil gasra de na Scottish Borderers faoi shlua a bhí ag fonóid orthu.[9] Maraíodh triúr ar an toirt – Mrs Duffy, James Brennan agus Patrick Quinn – agus gortaíodh ocht nduine is tríocha. Fuair fear amháin bás níos déanaí ó chréachtaí a fuair sé ó bheaignit.[10]

Bhí uafás agus alltacht ar an bpobal ar fud na hÉireann mar gheall ar an eachtra sin agus na daoine a maraíodh nó a gortaíodh ann.[11]

I gcoimisiún fiosrúchán a thionóladh ina dhiaidh, cáineadh an cinneadh a rinneadh go ngairfí an t-arm amach.  

Comparáid a dhéanamh leis an tabhairt i dtír gunnaí i Latharna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainneoin go maítear go raibh claonpháirteachas i gceist idir Óglaigh Uladh agus na húdaráis maidir leis an tabhairt i dtír gunnaí i Latharna, i gcodarsnacht le hÓglaigh na hÉireann, a rinne na póilíní agus an arm iarracht iad bac a chur orthu, is mó a léirítear na straitéisí a d’iompair an dá thaobh sa chodarsnacht sin ná aon rud eile..[12]  Chomh fada is gur réitigh Óglaigh Uladh an tabhairt i dtír seo acusan mar ghníomhaíocht rúnda chun a baill a armáil, bhí sé faoi rún ag Bulmer Hobson, ball d’Óglaigh na hÉireann, buachan bolscaireachta a bhaint amach as an gceann seo acusan.[12]  Thug Óglaigh na hÉireann a gcuid arm i dtír le solas an lae, ar “rabharta poiblíochta”, chomh gar leis an bpríomhchathair, Baile Átha Cliath, is ab fhéidir leo. Mar chodarsnacht, roinn Óglaigh Uladh a gcuid arm i dtrí roinnt, bhain siad tairbhe as soitheach díthreoraí chun na húdaráis a chur ar strae, agus thug siad na hairm i dtír faoi choim na hoíche..[12] 

Bhí difríocht suntasach idir na hairm a fuair an dá dhream. Den chuid is mó ba iad gunnaí den chéad ghlúin eile a bhí ag na haontachtaigh: leithéidí an Gewehr 88 agus an M1870 Vetterli-Vitalis. Tá cartúslann ag na gunnaí siúd ionas go bhfuil siad in ann scaoileadh ar ardluas, agus urchar púdair gan toit ionas gur féidir iad a luchtú níos sciobtha.

Agus teorann ar an maoin a bhí ag Óglaigh na hÉireann, níor cheannaigh siad ach 1500 Mauser M1871, gunnaí den 19ú haois, a d’úsáid púdar gunna (púdar dubh) a salaíonn an gunna i ndiaidh scaoilte cúpla urchar, agus a raibh gá iad a luchtú de láimh, gach uile ceann ina aonar. Rinne Pádraig Mac Piarais gearán i litir chuig  Seosamh McGarrity gurbh de “chineál seanchaite” iad na raidhfilí.[13] Cuireann an fhianaise sin leis an gconclúid gurbh ar mhaithe an bolscaireachta a cheannaíoch na gunnaí i mBinn Éadar agus, cé go raibh siad in ann té a mharú, nach raibh siad inchurtha le gunnaí Latharna ar chor ar bith. Is léir go raibh Childers ar an eolas faoi na difríochtaí siúd, i bhfianaise an taithí a bhí aige i nDara Cogadh na mBórach.[14]

Comóradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí déistin ar a lán daoine in Éirinn agus i dtíortha eile de bharr mharú na saoránach nach raibh airm acu ar Shiúlán Bhaitsiléir. Tharla go raibh “Remember Bachelors Walk” (nó “Ná dearmaid riamh Siúlán Bhaitsiléir”) ina rosc catha agus cuireadh borradh mór faoi línte Óglaigh na hÉireann dá bharr.

In 1961, d’eagraigh rialtas na hÉireann athachtú de thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair agus bhí cuid de na hÓglaigh a bhí i láthair in 1914 agus a bhí fós beo páirteach san athachtú seo, agus cheannaigh siad an Asgard óna úinéir chun na críche sin. Úsáideadh cuid de na raidhfilí Mauser ag an ócáid. Thug an tUachtarán, Éamon de Valera, aitheasc agus nochtadh plaic ar an bpiara chun an eachtra a chomóradh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Boyle, Andrew (1977). "The Riddle of Erskine Childers". 
  • Breslin, Vincent (July 2014). "Gun-Running: The Story of the Howth and Kilcoole Gun-Running 1914". 
  • Coffey, D (1914). "O'Neill & Ormond: A Chapter in Irish History". Dublin & London: & Co.: Maunsel. 
  • Coleman, Marie (2003). "County Longford and the Irish Revolution 1910–1923". 
  • "The Howth gun-running and the Kilcoole gun-running, 1914" (1964). Dublin: Browne and Nolan. 
  • Inglis, B (1973). "Roger Casement". Coronet. 
  • McCormack, W.J. (2012). "Dublin 1916: The French Connection". 
  • McGurk, John (1996). "The Riddle of Erskine Childers". Contemporary Review. 
  • McNally, M (2007). "Easter Rising 1916: Birth of the Irish Republic". Osprey. 
  • Royal Commission on the circumstances connected with the landing of arms at Howth on 2 (1914). "Report" Cd. 7631.. London: HMSO. 
  • Royal Commission on the circumstances connected with the landing of arms at Howth on 2 (1914). "Minutes of evidence; with Appendices and Index" Cd. 7649.. London: HMSO. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Inglis 1973, pp.262–265 and 275–277
  2. 2.0 2.1 De Blaghd, E. (1970) Slán le hUltaibh, Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, lch. 68 - 69
  3. Martin 1964 Teimpléad:Page number needed
  4. http://www.anphoblacht.com/contents/24233
  5. McNally 2007, pp.6, 13–15.
  6. "The Howth Gun Running", The Irish Story
  7. Connolly, J.S.; Oxford Companion to Irish History, page 263-4. Oxford University Press, 2007. ISBN 978-0-19-923483-7
  8. A Dictionary of Irish History, D J Hickey & J E Doherty, Gill and Macmillan, Dublin, 1980, p. 21, ISBN 0-7171-1567-4
  9. COBAC (UCD) (2016). "Decade of centenaries". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-26. Dáta rochtana: 2020.
  10. Robert Kee, The Green Flag, Vol 2, The Bold Fenian Men. pp. 214–215
  11. Irish Independent, 29 July 1914
  12. 12.0 12.1 12.2 Jackson, Alvin; Home Rule – An Irish History 1800–2000,| page 136. ISBN 1-84212-724-1
  13. Inglis 1973, p.277
  14. C Townshend, "The Easter Rising 1916: The Irish Rebellion" (London 2005)