Síoda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Síoda

Snáithín an-mhín a fhaightear ó chocúin na leamhan síoda. Soláthraíonn an tSeapáin is an tSín an chuid is mó den síoda ardchaighdeáin saothraithe. Tá cáil ar na fabraicí síoda as loinnir, clúdú is ionramháil. Thosaigh tógáil leamhan síoda (tógáil seireacán nó saothrú an tsíoda) sa tSín roimh 1100 RC, agus fuarthas fionnachtana tábhachtacha síoda i dtuamaí ón 2ú céad RC. Tógadh rún déanta an tsíoda go dtí an tSeapáin go luath, ach níor tugadh don Eoraip é go dtí i bhfad eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Síoda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 600.