Séireolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
SARS-CoV-2 agus tástáil shéireolaíoch

Brainse den mhíochaine ina ndéantar anailísiú ar shéiream, ar thóir fianaise ar ionfhabhtú trí antasubstaintí nó miocrorgánaigh a bhrath.

Déantar tástáil shéireolaíoch nó tástáil antasubstainte uaireanta ar shampla fola ó dhuine. I gcás mar shampla,[1] Covid-19, is cosúil go n-inseoidh an tástáil fola má bhí Covid-19 ort agus é curtha díot agat. Má bhí, meastar go mbeidh imdhíonacht éigin agat go ceann tamaill ar an ngalar.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Choróinvíris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-01.
  2. Hussey, Matt (2011). "Séireolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.