Suíomh Hanford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionad i Washington na Stát Aontaithe ab ea Hanford, ina stóráladh ábhair núicléacha radaighníomhacha thar cheann an airm. Tá droch-cháil ar an suíomh Hanford, díchoimisiúnaithe inniu, de bharr an oiread sin sceite d'ábhair radaighníomhacha san aer is na huiscí taobh leis ar feadh 70 bliain, beagnach.

sna 1940idí

Mar shampla, tá a fhios anois gur sceitheadh oiread is 2 × 1018 beicireil (Bq) d'iaidín radaighníomhach san aer ann i 1944-1947. Ag cur san áireamh go méadaíonn a laghad is 2 × 105 Bq iaidín, ach é ionsúite sa cholainn, an dóchúlacht go bhfaighidh duine ailse tíoróidigh, is ollmhór an sceitheadh é seo.

Meastar go bhfuair suas le 20% den 250,000 duine i stáit Washington, Idaho is Oregon, mórthimpeall ar Hanford dáileoga baolacha radaíochta ó thosaigh sé. Ní haon ábhar iontais é gur cúis chonspóide an t-ionad céanna.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hanford". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 340.