Strus (fisic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilStrus


Sa bhfisic, an fórsa (i niútain, N) in aghaidh aonad fairsinge (i méadair chearnacha, m2) a fheidhmíonn ar réad chun é a dhíchumadh. Mar shampla, má tá fórsa F i bhfeidhm ar feadh barra d'fhairsinge thrasghearrtha A, strus líneach F/A a bhíonn i bhfeidhm, agus is i bpascail (Pa) a thomhaistear é. Fórsa mar seo a bhíonn i gceist, ag iarraidh cisil chongaracha an ábhair a tharraingt óna chéile i strus teanntachta, nó leis na cisil sin a bhrú le chéile i strus comhbhrúiteach. Nuair is fórsa casta a bhíonn i bhfeidhm, is strus fiartha a thoradh, agus is é an díchumadh a tharlaíonn ná sleamhnú na gciseal cóngarach i leataobh thar a chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Strus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 631.