Stoirm toirní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stoirm toirní á thit amach in Arlington,Virginia

Stoirm le báisteach throm, toirneach is tintreach, a tharlaíonn nuair a fhásann scamall carnach báistí faoi chúinsí taise éagobhsaí.

De réir mar a éiríonn an t-aer, tarlaíonn comhdhlúthú a fhuasclaíonn teas folaigh, rud a mhéadaíonn an fuinneamh atá ar fáil is a mhéadaíonn claonadh an aeir chun éirí.

Os cionn an leibhéil ag a dtarlaíonn comhdhlúthú, comhtháthaíonn braoiníní uisce fhorfhuaraithe chun braoiníní a chruthú atá mór go leor le comhtháthú.

De réir mar a thiteann an bháisteach, laghdaíonn an éagobhsaíocht, stopann fás an scamaill, agus ansin stopann an comhdhlúthú.

Má tá sraith scamaill charnacha báistí ann, is féidir go leanfaidh na stoirmeacha. Le linn stoirm toirní fásann lucht leictreach ag bun an scamaill, agus nuair a éiríonn sé seo a dhóthain, díluchtaítear é i bhfoirm splaince tintrí.

Tarlaíonn stoirmeacha mar seo go minic nuair a théann fronta fuar thart le linn lagbhrú, le téamh géar is fliuchras ar fáil, ag domhanleithid ísle.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stoirm toirní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.